Urú (teangeolaíocht)
- Tá níos mó ná brí amháin leis an bhfocal “urú”; féach Urú.
I bhfoghraíocht stairiúil agus fóineolaíocht na dteangacha Ceilteacha, agus na teangacha Gaelacha go háirithe, is athrú tosaigh a chuirtear i bhfeidhm i gcomhthéacsanna áirithe é an t-urú. Eascraíonn sé go stairiúil as consan srónach a chomhshamhlú ag tús an fhocail.
Sa Ghaeilge mar shampla, tá éifeacht ag an eclipse :
- consan glórach a chur in áit consain neamhghlóraigh (nó /f/);
- consan srónach a chur in áit consain ghlóraigh;
- /n/ a chur roimh ghuta tosaigh.
Mar shampla:
Bunfhocal | Uraithe |
---|---|
peann /pʲaːn̪ˠ/ | bpeann /bʲaːn̪ˠ/ |
teanga /tʲaŋɡə/ | dteanga /dʲaŋɡə/ |
ceann /caːn̪ˠ/ | gceann /ɟaːn̪ˠ/ |
bean /bʲan̪ˠ/ | mbean /mʲan̪ˠ/ |
droim /d̪ˠɾˠiːmʲ/ | ndroim /n̪ˠɾˠiːmʲ/ |
glúin /ɡɫ̪uːnʲ/ | nglúin /ŋɫ̪uːnʲ/ |
freagra /fʲɾʲaɡɾˠə/ | bhfreagra /vʲɾʲaɡɾˠə/ |
éan /eːn̪ˠ/ | n-éan /nʲeːn̪ˠ/ |
oíche /iːhə/ | n-oíche /n̪ˠiːhə/ |
Tá athrú den bhunús céanna sa Bhreatnais freisin, ach tugtar “athrú srónach” air (treiglad trwynol).