Séipéal an tSlánaitheora, Cathair Phort Láirge
Is teach pobail é Séipéal an tSlánaitheora, atá suite ar Shráid an Droichid i gCathair Phort Láirge. Bhí Séipéal an tSlánaitheora faoi chúram na mBráthar Doiminiceach ar dtús. Ó mhí na Samhna 2022 i leith tá sé faoi chúram Servant priests of the Home of the Mother, tar éis do na Doiminicigh Port Láirge a fhágáil.
Séipéal an tSlánaitheora, Cathair Phort Láirge | |||
---|---|---|---|
Sonraí | |||
Cineál | Eaglais | ||
Stair
cuir in eagarDhear George Goldie an teach pobail sa stíl Iodálach, idir na blianta 1874 agus 1876 agus choisric John Power Easpag Phort Láirge agus an Leasa Móire é an 2ú Nollaig 1877 le cúnamh ón Ardeaspag Tomás Cróc Ardeaspag Chaisil (a thug a ainm do Pháirc an Chrócaigh) agus William FitzGerald, Easpag Anglacánach Chill Dalua agus Chluain Fearta.
Tháinig na Doiminicigh go Port Láirge den chéad uair sa bhliain 1226, agus thóg siad a séipéal agus a mhainistir i 1235 ar a dtugtar Mainistir na mBráithre Dubha. Tá Cloigtheach Mhinistir na mBráithre Dubha fós ann inniu tar éis don mhinistir a bheith bainte de na Doiminicigh, sa 16ú hAois le linn an Reifirméisin. D’athbhunaigh na Doiminicigh iad féin i bPort Láirge sa 19ú hAois i Sráid an Droichid.