Sìleas na Ceapaich

file Albanach

Ba í Sìleas na CeapaichSìleas NicDhòmhnaill (c. 1660 - 1729) iníon Ghilleasbuig, Mhic 'ic Raghnaill, an 15ú taoiseach de Dhòmhnallaich na Ceapaich.

Infotaula de personaSìleas na Ceapaich
Beathaisnéis
Breith1660
Loch Abar, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1729
68/69 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmfile, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraFilíocht
TeangachaGaeilge na hAlban

Musicbrainz: 71753c51-8feb-48e8-970c-ecafbd0f27e4 Cuir in eagar ar Wikidata

Phòs Sìleas Alasdair Gòrdanach agus chuaigh siad a chónaí i mBaile Dhòrnaidh, láimh le Hunndaidh. Tá seanbhallóga an tí le feiceáil fós ar an mbóthar idir Obar Dheathain agus Monadh Choinnich. Tá sé le tuiscint ó fhilíocht Shìleas go raibh cúigear mac acu agus triùr nó ceathrar iníonacha.

Aithnítear Sìleas na Ceapaich mar phríomhfhile éirí amach 1715, an chéad iarracht a rinneadh ar choróin na Breataine a fháil ar ais do na Stíobhartaigh. Tá cáil uirthi chomh maith as na dánta spioradálta a chum sí, amhail “Laoidh air Bàs a Fir agus a h-Ighne” a rinne sí tar éis bhás a fir chéile agus a hiníne Anna. Bhain Sìleas le pobal Caitliceach, agus is é “Laoidh Mhoire Mhaighdeann” ab fhaide a mhair i measc na ndaoine. Tugann sé cuntas ar bheatha Chríost as an Tiomna Nua, agus míniú ar chrá na máthar faoinar tharla dá Mac.[1]

I gclár de chuid an BBC in 2003, dúirt an scoláire Colm Ó Baoill faoin gcuntas a thugann an béaloideas uirthi:

Gu robh i na h-òige car beadarra, “frolicsome” mar a sgrìobhar sa Bheurla: agus chan eil fios nach eil fìrinn ann; tha daoine ann a chreideas gur e mac dìolain a bha sa mhac a bu shine aice. Chan innis am beul-aithris dhuinn dè am buaidh a bha aig pòsadh Shìleas (ann an 1685) air a' bheadradh seo, ach theirear gu robh 'coinneachadh' aice ris a' bhàs. An dèidh sin dh'atharraich i beusan, dh'fhàs i cràbhach agus shìn i air laoidhean a dhèanamh. Chan eil fios idir dè an fhìrinn a tha san sgeulachd seo, no a bheil fìrinn idir ann.[1]

Léiríonn a lán d’amhráin Shìlis claonadh láidir Seaicibíteach. Ina measc sin tá "Do Fheachd Mhorair Màr" agus "Òran air là Sliabh an t-Siorraim".

Taispeánann a cuid filíochta mórtas a cine, na Dòmhnallaich, agus mórtas a teaghlaigh féin, go háirithe sna píosaí seo: "Cumha Bàs a Fir agus a h-Ighne" agus "Marbhrann air Bàs a Fir".

Is léir ó íomhánna agus ó mheadaireacht fhilíocht Shìleas go raibh sí, mar iníon taoisigh, oilte i bhfilíocht na Gàidhlig. Tugann a cuid filíochta léargas dúinn freisin ar ghnóthaí na mban, ag tabhairt comhairle d’iníon faoi chora an tsaoil, faoi chúrsaí cúrsaí pósta agus creidimh agus faoi bhás clainne, agus ina theannta sin ag léiriú an dearcaidh a bhí ag daoine i leith imeachtaí móra na linne. Féach “Òran do Alasdair Ghlinnne Garadh”:[2]

Alasdair à Gleanna Garadh,
Thug thu an-diugh gal air mo shùilean;
's beag iongnaidh mi bhith trom chreuchdach:
's tric ga reubadh as ùr sinn.
deacair dhomhsa bhith gan osnaich
's meud an dosgainn th' air mo chàirdean;
's tric an t-eug oirnn a' gearradh,
taghadh nan darag as àirde...

Tá filíocht Shìlis cruinnithe ag Colm Ó Baoill in Bàrdachd Shìlis na Ceapaich (Scottish Gaelic Texts Society, 1972)

Naisc sheachtracha

cuir in eagar