Síle Ní Chéileachair

údar Éireannach

Scríbhneoir gearrscéalta ba ea Síle Ní Chéileachair (1924 – 1985).

Infotaula de personaSíle Ní Chéileachair
Beathaisnéis
Breith25 Iúil 1924
Bás26 Lúnasa 1985
61 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Rugadh í ar 25 Iúil 1924 i gCúil Aodha. Chaith sí tamall i gColáiste Bhríde (coláiste ullmhúcháin) san Fhál Charrach agus cháiligh mar mhúinteoir i gColáiste Mhuire gan Smál i Luimneach. Bhí sí ag múineadh i gCrois Araild ar dtús agus ansin i gCromghlinn i mBaile Átha Cliath. I 1953 phós sí Dónall Ó Cochláin agus rugadh triúr mac agus triúr iníonacha dóibh. I mBaile Átha Cliath a bhí cónaí orthu.[1]

Bhí sí féin agus a deartháir Donncha Ó Céileachair páirteach in obair Chumann na Scríbhneoirí sna 1950í, agus ghnóthaigh sí duais ar ghearrscéal ag Oireachtas 1950. I 1955 bhí fáilte roimh Bullaí Mhártain, cnuasach gearrscéalta a chuir sí féin agus Donncha amach le chéile agus a chuir síos ar shaol na tuaithe agus na cathrach.[1]

Fuair sí bás ar 26 Lúnasa 1985 agus tá sí curtha i mBóthar na Bruíne.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 "Ó CÉILEACHAIR, Donncha (1918–1960)" (ga-IE). ainm.ie. Dáta rochtana: 2022-07-27.