Donncha Ó Céileachair

scríbhneoir Éireannach

Scríbhneoir ba ea Donncha Ó Céileachair (1918 – 1960) a thuill clú lena chuid gearrscéalta agus eile agus a rinne gaisce ag cur nualitríochta na Gaeilge chun cinn.

Infotaula de personaDonncha Ó Céileachair
Beathaisnéis
Breith1918
Cúil Aodha, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1960
41/42 bliana d'aois
Áit adhlacthaReilig Ghlas Naíon Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla agus an Ghaeilge

Beatha cuir in eagar

Rugadh Ó Céileachair ar 27 Samhain 1918 i gCúil Aodha. Bhí bua na filíochta agus an tseanchais ag a mhuintir. Bhí sé seal i gColáiste na Mumhan i Mala agus cháiligh mar mhúinteoir i fgColáiste de la Salle i bPort Láirge. Bhí sé ag múineadh i Scoil na mBráithre in Ascaill Dhún Uamhair i mBaile Átha Cliath nuair a d’fhostaigh an Roinn Oideachais é mar dhuine den mheitheal a bhí ag obair ar fhoclóir Béarla-Gaeilge Thomáis de Bhaldraithe (a foilsíodh i 1958). Chaith sé tamall i gCoimisiún na Logainmneacha sula ndeachaigh sé ar ais ag múineadh. Phós sé Eistir Ní Éalaithe, múinteoir eile, i 1952, agus rugadh ceathrar clainne dóibh. Fuair sé bás gan choinne le polaimiailíteas ar 21 Iúil 1960. Cuireadh i Reilig Ghlas Naíon é.[1]

Saothar cuir in eagar

Fuair sé a chéad taithí ar an scríbhneoireacht agus é ag cabhrú lena athair scéal a bheatha féin a scríobh. D’fhreastail sé ar chúrsa a thug Dónall Ó Corcora i gCúil Aodha ar an ngearrscéalaíocht nua, agus i 1955 chuaigh sé féin agus a dheirfiúr Síle Ní Chéileachair i gcomhar le chéile chun Bullaí Mhártain, cnuasach de cheithre scéal déag, a fhoilsiú agus idir chúrsaí tuaithe agus chúrsaí cathrach mar ábhar aici.[1] Tá an chnuasach molta as a héifeacht agus as a héagsúlacht: “Éiríonn go mór leis na húdair seo stíleanna difriúla a thástáil go héifeachtach de réir ábhair agus téamaí na scéalta féin”.[2]

1 1958 d’fhoilsigh Ó Céileachair agus Proinsias Ó Conluain An Duinníneach mar chomhúdair. Dúradh faoin leabhar seo gur thug sé “cuntas cruinn iomlán ar shaol an té atá mar ábhar acu mar aon le léargas ar mhórchuid de stair na Gaeilge, de stair an Chonartha agus de stair na hÉireann féin lena linn“.[3]

Chomh maith leis sin scríobh Ó Céileachair Dialann Oilithrigh, cuntas bríomhar ar oilithreacht chun na Róimhe. Dúirt an foilsitheoir Seán Ó hÉigeartaigh nár leabhar cráifeachta ar an sean-nós é “ach dialann spreagúil aerach smaointeach a thugann pictiúr an-mhaith dár tharla ar an turas, agus a nochtann aigne an údair gan scáth”.[1]

Scríobh Ó Céileachair ailt do nuachtáin agus rinne a lán aistriúchán, go minic i gcomhar leis na húdair.[1]

Nótaí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 "Ó Céileachair, Donncha (1918 – 1960)".
  2. Bannister, Garry, ‘Gnéithe den Litríocht san Fhichiú hAois’ [1]
  3. Caerwyn Williams (1979). "Traidisiún Liteartha na nGael": 374 - 375. An Clóchomhar Tta.