Síle Ní Dhomhnaill

bean uasal Éireannach sa 15ú haois

D’eascair Síle Ní Dhomhnaill (iníon Néill Ghairbh Uí Dhomhnaill) ó theaghlach mór le rá i gCúige Uladh sa 15ú haois. Amhail a leithéidí eile, ba mhinic iad i ngleic lena comharsana agus ag tabhairt ruathar orthu.[1] Mar bhean uasal agus mar dhuine de dhream cogúil, sheas Síle an fód i gcoinne namhaid a fhir chéile.

Infotaula de personaSíle Ní Dhomhnaill
Teaghlach
AthairNiall Garbh Ó Domhnaill

Bhí Síle pósta leis an taoiseach Niall Ó Néill, mac Airt Uí Néill, agus seilbh acu ar Chaisleán na hÓmaí i gContae Thír Eoghain. D’éirigh idir an dá ghéag de mhuintir Néill, clann Eoghain agus clann Airt, agus sáraíodh ar chlann Airt. In 1471 rinne Éinrí, mac Eoghain, léigear ar an gcaisleán, áit a raibh Síle lena sochraid armtha, ó thús fómhair go deireadh earraigh, ach theip air an caisleán a ghabháil.

Faoi dheireadh chuaigh clann Airt chun réitigh faoin scéal agus tugadh an caisleán d’Éinrí. Níl a rian ann anois.

Seo thíos an iontráil in Annála Ríochta Éireann:

Caisleán na hÓmaí do ghabháil leis Ó Neill, Éinrí mac Eoghain. Is amhlaidh do gabhadh cumasc do thabhairt do chlainn Uí Néill agus do chlainn Airt dá araile i dtús an gheimhridh. Sraonadh ar chlainn Airt, agus dhá mhac Airt do mharbhadh go sochaíbh eile amhail do dúramar romhainn. Ó Néill gona chlainn do shuí i dtimpeall an bhaile. Síle iníon Uí Dhomhnaill, .i. Niall Garbh, bean Néill mhic Airt Uí Néill do bheith isan gcaisleán go sochraid maille fria. Niall féin gona bhráithribh do dhul i gceann Uí Dhomhnaill agus Conallach, agus Ó Néill do bheith faoin gcaisleán ó thús fómhair go deireadh earraigh. Thángadar clann Airt iardain do shaighidh Uí Néill, agus do thugadar an baile dó agus do thug sé dá mhac féin é, .i. do Chonn, agus do dheachaigh dá thigh iaramh.[2]
  1. Féach, mar shampla, Annála Ríochta Éireann, M1456.2 agus M1461.3: https://celt.ucc.ie/published/G100005D/index.html.
  2. Annála Ríochta Éireann, M1471.15: https://celt.ucc.ie/published/G100005D/index.html. Litriú athchóirithe.