Saitō Ryokuu

scríbhneoir Seapánach

Údar agus criticeoir Seapánach ba ea Saitō Ryokuu (斎藤 緑雨 ) (24 Eanáir 1868 - 13 Aibreán 1904) a bhí beo sa ré Meiji. Ainm cleite ba ea Saitō Ryokuu; baisteadh é mar Saitō Masaru (斎藤 賢).

Infotaula de personaSaitō Ryokuu

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(ja) 斎藤緑雨
Beathaisnéis
Breith24 Eanáir 1868
Maoracht Mie Cuir in eagar ar Wikidata
Bás13 Aibreán 1904
36 bliana d'aois
Siocair bháisBás nádúrtha (Eitinn)
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Meiji Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan tSeapáinis
Gníomhaíocht
Gairmléirmheastóir liteartha, scríbhneoir, nathaí, úrscéalaí Cuir in eagar ar Wikidata
Mac/iníon léinn de chuidRobun Kanagaki
TeangachaAn tSeapáinis

Beatha cuir in eagar

Sa bhliain 1896 bhunaigh Ryokuu Mezamashi gusa (めさまし草), iris liteartha, in éineacht le Mori Ōgai (森 鷗外) agus Kōda Rohan (幸田 露伴). San iris seo a foilsíodh Takekurabe (たけくらべ), scéal le Ichiyō Higuchi (Higuchi Ichiyō]] 樋口 一葉) ar mhol na léirmheastóirí go hard é. Cailleadh Ichiyō i Mí Samhna 1896 agus chuidigh Ryokuu lena máthair agus lena deirfiúr teacht i dtír, cé nach raibh sé ró-theann i gcuid is i maoin é féin.

Bhí Shūsui Kōtoku (Kōtoku Shūsui 幸徳 秋水), Baba Kochō (馬場孤蝶) agus Tekkan Yosano (Yosano Tekkan 与謝野 鉄幹) ar a chuid cairde liteartha.

B'fhada eitinn ar Ryokuu agus sa bhliain 1904 chuaigh sí i gcinseal air. Agus é ag saothrú an bháis thug sé dialanna Ichiyō, a raibh sé ag brath ar iad a fhoilsiú, do Kochō. Fuair sé bás ar 13 Aibreán 1904.

Ní chuireadh Ryokuu fiacail ann mar chriticeoir agus ba nathánaí suntasach é.

Naisc sheachtracha cuir in eagar