Tugtar scáildaonra ar dhaonra stairiúil a aimsíodh trí mhodhanna staitistiúla.[1]

Léann daonra cuir in eagar

Sa bhliain 2004 maíodh gur féidir leis an meastachán uasdealraitheachtateoirim Bayes, dhá mhodh staidrimh a mheasann rátaí imirce agus méid daonraí de réir theoiric an chomhtháthaithe, feidhm a bhaint as tacair shonraí a bhfuil daonra neamhaithnid ceilte iontu. Tugtar “scáildaonra” ar an daonra seo. Féadtar taighde a dhéanamh ar an rian a fhágann daonraí díofa ar mhéid daonra eile agus ar rátaí na himirce idir dhá dhaonra eile. Braitheann claontaí na bparaiméadar daonra a shíltear atá ann ar a bhfuil d'imirce ó na daonraí neamhaithnide.[1] Cáineadh an modh oibre seo toisc gur fáisceadh scáilphobail as léirshamhlacha staidrimh amháin.[2]

Géineolaíocht daonra cuir in eagar

Sa bhliain 2012 baineadh feidhm as anailís DNA agus modhanna staitistiúla chun a léiriú gur chros-síolraigh daonra atá díofa anois le sinsir na nEorpach agus le grúpa Sibéarach, grúpa a d’imigh ina dhiaidh sin chun Meiriceá. Tugadh "scáildaonra" ar an daonra díofa toisc gur fhág sé a rian ar an ngéanóm in ionad fianaise sheandálaíoch a fhágáil ina dhiaidh.[3] Sa bhliain 2013 tháinig an tuar faoin tairngreacht nuair a thángthas ar iarsmaí duine a bhain leis an scáildaonra sin.[4][5]

Sa bhliain 2015 rinneadh staidéar ar ghinealach agus imirce luath na muice clóis, staidéar a fuair amach go raibh géinte ag an muc sin a tháinig ó scáildaonra díofa de chuid an tsealaid Phléisticéinigh.[6]

Nótaí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 Beerli, P (2004). "Effect of unsampled populations on the estimation of population sizes and migration rates between sampled populations". Molecular Ecology 13: 827–836. doi:10.1111/j.1365-294x.2004.02101.x. PMID 15012758. 
  2. Skatkin, M (2005). "Seeing ghosts: the effect of unsampled populations on migration rates estimated for sampled populations". Molecular Ecology 14: 67–73. doi:10.1111/j.1365-294X.2004.02393.x. PMID 15643951. 
  3. Patterson, N (2012). "Ancient admixture in human history". Genetics 192 (3): 1065–93. doi:10.1534/genetics.112.145037. 
  4. Raghavan, M (2013). "Upper Palaeolithic Siberian genome reveals dual ancestry of Native Americans". Nature 505: 87–91. doi:10.1038/nature12736. PMID 24256729. 
  5. Callaway, E (2015). ""Ghost population" hints at long-lost migration to the Americas". Nature. doi:10.1038/nature.2015.18029. 
  6. Frantz, L (2015). "Evidence of long-term gene flow and selection during domestication from analyses of Eurasian wild and domestic pig genomes". Nature Genetics 47: 1141–1148. doi:10.1038/ng.3394. PMID 26323058. 

Le léamh cuir in eagar

Reich, David (2018). Who We Are and How We Got Here: new findings from ancient DNA. Pantheon.