Scáildaonra
Tugtar scáildaonra ar dhaonra stairiúil a aimsíodh trí mhodhanna staitistiúla.[1]
Léann daonra
cuir in eagarSa bhliain 2004 maíodh gur féidir leis an meastachán uasdealraitheachta nó teoirim Bayes, dhá mhodh staidrimh a mheasann rátaí imirce agus méid daonraí de réir theoiric an chomhtháthaithe, feidhm a bhaint as tacair shonraí a bhfuil daonra neamhaithnid ceilte iontu. Tugtar “scáildaonra” ar an daonra seo. Féadtar taighde a dhéanamh ar an rian a fhágann daonraí díofa ar mhéid daonra eile agus ar rátaí na himirce idir dhá dhaonra eile. Braitheann claontaí na bparaiméadar daonra a shíltear atá ann ar a bhfuil d'imirce ó na daonraí neamhaithnide.[1] Cáineadh an modh oibre seo toisc gur fáisceadh scáilphobail as léirshamhlacha staidrimh amháin.[2]
Géineolaíocht daonra
cuir in eagarSa bhliain 2012 baineadh feidhm as anailís DNA agus modhanna staitistiúla chun a léiriú gur chros-síolraigh daonra atá díofa anois le sinsir na nEorpach agus le grúpa Sibéarach, grúpa a d’imigh ina dhiaidh sin chun Meiriceá. Tugadh "scáildaonra" ar an daonra díofa toisc gur fhág sé a rian ar an ngéanóm in ionad fianaise sheandálaíoch a fhágáil ina dhiaidh.[3] Sa bhliain 2013 tháinig an tuar faoin tairngreacht nuair a thángthas ar iarsmaí duine a bhain leis an scáildaonra sin.[4][5]
Sa bhliain 2015 rinneadh staidéar ar ghinealach agus imirce luath na muice clóis, staidéar a fuair amach go raibh géinte ag an muc sin a tháinig ó scáildaonra díofa de chuid an tsealaid Phléisticéinigh.[6]
Nótaí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 Beerli, P (2004). "Effect of unsampled populations on the estimation of population sizes and migration rates between sampled populations". Molecular Ecology 13: 827–836. doi: . PMID 15012758.
- ↑ Skatkin, M (2005). "Seeing ghosts: the effect of unsampled populations on migration rates estimated for sampled populations". Molecular Ecology 14: 67–73. doi:PMID 15643951. .
- ↑ Patterson, N (2012). "Ancient admixture in human history". Genetics 192 (3): 1065–93. doi: .
- ↑ Raghavan, M (2013). "Upper Palaeolithic Siberian genome reveals dual ancestry of Native Americans". Nature 505: 87–91. doi: . PMID 24256729.
- ↑ Callaway, E (2015). ""Ghost population" hints at long-lost migration to the Americas". Nature. doi: .
- ↑ Frantz, L (2015). "Evidence of long-term gene flow and selection during domestication from analyses of Eurasian wild and domestic pig genomes". Nature Genetics 47: 1141–1148. doi:PMID 26323058. .
Le léamh
cuir in eagarReich, David (2018). Who We Are and How We Got Here: new findings from ancient DNA. Pantheon.