Scéim Hidrileictreach na Sionainne

Cuireadh tús le tógáil scéim hidrileictreach na Sionainne (Béarla: Shannon hydroelectric scheme) in Ard na Croise, Contae an Chláir sa bhliain 1925. Fostaíodh 5,000 oibrithe le linn na tógála a chosain an suim ábhalmhór £5,200,000 ag an am. Nuair a osclaíodh an stáisiún ginnte ar an 29 Deireadh Fómhair 1929, an cheann is mó ar domhain ag an am, bhí sé ar a chumas aige éileamh leictreachais uile na tíre a sholáthar sna 1930idí luath. Réitigh an Scéim an bealach le haghaidh leictriúchán tuaithe.[1][2]

Scéim Hidrileictreach na Sionainne
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
CineálStáisiún cumhachta hidrileictreach Cuir in eagar ar Wikidata
Foirgníocht1929 Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn tSionainn
Map
 52° 42′ 20″ N, 8° 36′ 46″ O / 52.705556°N,8.612778°W / 52.705556; -8.612778
Historic Civil Engineering Landmark (en) Aistrigh
Gníomhaíocht
Am oibriúcháin1929 –
Cumhacht rátáilte86 MW
Tógáil

Theastaigh ón Saorstát sna 1920idí foinse dúchasach leictreachais a aimsiú agus togra mór siombalach innealtóireachta a bhunú a ghinfeadh dea-phoiblíocht chomh maith le leictreachas. Chuir Scéim na Sionainne 1925-29 in Ard na Croise an dá aidhm sin i gcrích le chéile.

Tógáil
stampa, 1930

Bhí uisce na habhann ab fhaide agus ba thábhachtaí sa Stát le cur ar mhalairt treo, le ceansú agus leictreachas le gineadh as chun leasa an phobail ar fad. Caitheadh 20% de Bhuiséad iomlán an Stáit air agus cuireadh fostaíocht ar fáil do 5,000 oibrí 10% acu tugtha leis as an nGearmáin ag an gconraitheoir, Siemens. Bhí an conradh faighte ag an gcomhlacht seo agus Rialtas an tSaorstáit anseo lán-eolach ar na pionóis airgid a gearradh ar an nGearmáin i gConradh Versailles tar éis an Chogaidh Mhóir.[3]

Ar 4 Iúil 1925 a achtaíodh Acht Leictreachais na Sionainne, 1925, a rinne an bhunobair dlí le haghaidh Scéim Hidrileictreach na Sionainne.[4][5]

An cosantóir is mó don scéim i saol na polaitíochta ab ea Pádraig Mac Giollagáin (1889-1979), a bhí ina Aire Tionscail agus Tráchtála (1924 go 1932). Céimí eile de chuid UCD a thóg páirt sa tionscadal ba ea Tomás Mac Lochlainn (1896-1971) a bhí ina cheannródaí air agus an chéad stiúrthóir bainistíochta le haghaidh Bhord Soláthair an Leictreachais.[2]

Ba é scéim hidrileictreach na Sionainne mór-thaispeántas tionsclach an stáit nua agus fuair péintéir as Luimneach, Seán Keating, coimisiúin ó Bhord Soláthar Leictreachas chun Ard na Croise a phéinteáil.

Féach freisin

cuir in eagar
  • Scéim  Hidrileictreach na Sionainne

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  • Clár TG4, Ard na Croise, 2016[3]
  1. emarkable (2022-09-02). "Bunú An Stáit Céad Bliain Níos Moille" (ga-IE). UCD Connections. Dáta rochtana: 2023-12-21.
  2. 2.0 2.1 UCD Sutherland School of Law (2020). "Acht Leictreachais na Sionainne, 1925" (ga-IE). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2023-12-21.
  3. 3.0 3.1 TG4 (2015). "Ard na Croise". Dáta rochtana: 2023.
  4. Tithe an Oireachtais (1925-05-01). "Díospóireachtaí : Acht Leictreachais na Sionainne, 1925 – Uimh. 26 de 1925 – Tithe an Oireachtais" (ga). www.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2023-12-21.
  5. Office of the Houses of the Oireachtas House Services Directorate Bills Office (1925). "Téacs: ACHT LEICTREACHAIS NA SIONAINNE, 1925" (ga). www.achtanna.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-07-04. Dáta rochtana: 2023-12-21.