Seán Céitinn

péintéir Éireannach

Ba phéintéir as Luimneach é Seán CéitinnSeán Keating, ar dhuine d’ealaíontóirí móra na hÉireann (1889- 21 Nollaig 1977).[1][2] Chum sé roinnt de na pictiúir phoiblí is cáiliúla in Éirinn agus bhí an-tionchar aige ar na healaíona in Éirinn.[3]

Infotaula de personaSeán Céitinn

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith28 Meán Fómhair 1889
Luimneach, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás21 Nollaig 1977
88 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Ainm cleiteKeating, John Cuir in eagar ar Wikidata
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpéintéir, múinteoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirAn Coláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraPortráid
TeangachaBéarla agus an Ghaeilge
Ghlac sé/sí páirt i
1928Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 1928
1924Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 1924 Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileMay Keating Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteJustin Keating Cuir in eagar ar Wikidata
Men of the South (Fir an Deiscirt), 1921, Gailearaí Crawford Gallery, Corcaigh.

Rugadh Keating i gcathair Luimnigh sa bhliain 1889. D’fhoghlaim sé líníocht i nGairmscoil Luimnigh sular bhuaigh sé scoláireacht sa bhliain 1909, bronnta ag an bpéintéir cáiliúil William Orpen, chun staidéar a dhéanamh sa Scoil Cathrach na hEalaíona i mBaile Átha Cliath.

Ba é an t-ealaíontóir Harry Clarke, a chara sa scoil, a mhol dó a dhul go hÁrainn, rud a rinne sé in 1914. Chaith sé an-chuid ama sna blianta ina dhiaidh ar Oileáin Árainn.[4]

Chaith Keating 1915/1916 i stiúideo Orpen i Londain mar chúntóir. In ainneoin go raibh Orpen lonnaithe i Londain, chaitheadh sé tréimhsí ag péinteáil in Éirinn agus tá a thionchar le brath ar Keating.[5]

 
staighre, an Eagraíocht Dhomhanda Trádála

Nuair a d’fhill sé ar Éireann sa bhliain 1916, chum sé pictiúir faoi Éirí Amach 1916,[6][7] Chogadh na Saoirse agus Chogadh Cathartha. Ina measc siúd, tá

 
Gailearaí Náisiúnta na hÉireann

Toghadh mar bhall Acadamh Ríoga na hÉireann sa bhliain 1923.

Ba é scéim hidrileictreach na Sionainne mór-thaispeántas tionsclach an stáit nua agus fuair sé coimisiúin ó Bhord Soláthar Leictreachas chun Ard na Croise a phéinteáil.

Chum sé múrphictiúr d'Aonach an Domhain i Nua-Eabhrac sa bhliain 1939.

Taispeánadh a shaothair ag Seó Acadamh Ríoga na hÉireann gach bliain ó 1914 suas go dtí 1975 agus ba Uachtarán an Acadaimh é idir na blianta 1949-1962. Mhol Keating agus na traidisiúnaithe a idé-eolaíocht phairticleártha an ‘Irish-Irelander’ mar shlat tomhais aeistéitice.[8]

Thug Keating cuairt ar Inis Oirr in 1965 don uair dheireanach. Nuair a thug sé a aghaidh ar Inis Oírr i ndeireadh a shaoil, ní dheachaigh sé i dtír ar chor ar bith. Faitíos a bhí air go bhfeicfeadh sé tarracóir nó gné eicínt eile eile den saol nua-aimseartha a mhillfeadh an tsamhail a bhí aige ina intinn den oileán mar a bhí.[1]

Bhí sé ag obair fós nuair a bhásaigh sé sa bhliain 1977 i mBaile Átha Cliath. Agus an Céitinneach ag scríobh ar Comhar i mí an Mheithimh 1942, mhaígh sé "nach ndearnadh ealaíontóirí Éireannacha a cheiliúradh in Éirinn ach le ‘focail leadránacha’ tar éis a mbáis, agus é sin ag ‘dream so-lobhtha, tuirseach’ ar ‘bheag de’n bheodhacht do bhain leo [féin]’".[9]

Saothar an Chéitinnigh

cuir in eagar

Bhain Keating an-chuid cáil as neamhfhoirmiúlacht stíle a shaothair.

Tá an bailiúchán is mó agus is suntasaí de phictiúir de chuid Sheáin Keating i mBailiúchán Ealaíne ESB.[10]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 Seosamh Ó Cuaig (21 Nollaig 2022). "An sagart a bhí ina ‘fanaiceach’ Gaeilge agus an t-ealaíontóir ar ghean leis Inis Oírr" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-12-21.
  2. "Keating, Seán | Dictionary of Irish Biography" (en). www.dib.ie. Dáta rochtana: 2023-12-21.
  3. "Seán Keating Artist" (en). RTÉ Archives. Dáta rochtana: 2019-12-21.
  4. Easy Live Auction. "Sean Keating (1889-1977)“Village on the Aran Islands,” c.1950, oils on board, 44cms x 61cms (17” x" (en). www.easyliveauction.com. Dáta rochtana: 2023-12-21.
  5. Ciara Nic Gabhann (Aibreán 2005). "William Orpen: an pholaitíocht, an gnéas agus an bás" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2023-12-21.
  6. "Modern Ireland in 100 Artworks: 1917 – Men of the West, by Seán Keating" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2023-12-21.
  7. "Irish Rising Art – Irish Studies". irishstudies.sunygeneseoenglish.org. Dáta rochtana: 2023-12-21.
  8. Gabhann Muiris Ó Meara i mbun anailíse ar "Clann" le Louis le Brocquy. Feasta 67 (4), lch 23-24. Aibreán 2014
  9. Eilís Ní Dhúill, "Na hamharcealaíona ar Comhar", Iúil 2013, Comhar 73 (7), lch 16-19
  10. "Tacú leis na hEalaíona" (ga). ESB Corporate. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-12-21. Dáta rochtana: 2023-12-21.