Téarma sochtheangeolaíochta é scitsibhéascna a thagraíonn don éiginnteacht faoin gcaighdeán nó faoin norm ceart teanga i bpobal teanga.

Ba é an teangeolaí Ioruach-Mheiriceánach Einar Haugen a chruthaigh an téarma Béarla schizoglossia thiar sa bhliain 1962[1] ; is dócha gurbh í Bríd Ní Mhóráin a bhain an chéad úsáid as an leagan Gaeilge scitsibhéascna sa leabhar Thiar sa mhainistir atá an Ghaolainn bhreá - meath na Gaeilge in Uíbh Ráthach (An Sagart, an Daingean 1997).[2]

Is éard atá i gceist leis an scitsibhéascna ná go bhfuil níos mó ná aon norm amháin ar fáil don phobal teanga agus nach bhfuil na cainteoirí cinnte cé acu norm ba chóir dóibh a úsáid leis an teanga a mhúnlú air.

Samplaí cuir in eagar

  • Tá cuid de lucht labhartha na Gaeilge barúlach go mba chóir dóibh cloí leis an gCaighdeán Oifigiúil, cuid eile den tuairim gurbh fhearr dóibh aithris a dhéanamh ar sheanchanúint a réigiúin nó a nGaeltachta féin, fiú nuair nach ionann gramadach na canúna agus gramadach an Chaighdeáin.
  • Mar shamplaí eile: an Fhraincis chaighdeánach[3] seachas Criól Fraincise Háítí, agus Béarla Caighdeánach Mheiriceá seachas an Béarla Coiteann Afrai-Mheiriceánach. Sna cásanna seo, feictear go bhfuil ceann amháin de na teangacha go “dona”, is é sin nach teanga "cheart" í, agus ansin is iomaí cainteoir a bheadh ag iarraidh a theanga a cheartú agus a fhorcheartú agus teilgeanacha cainte nó tréithe gramadaí as an leagan "íseal" den teanga a sheachaint.

Iarmhairtí cuir in eagar

Is gnách go gcuireann dearcadh diúltach ar an ngnáthurlabhra náire ar na cainteoirí faoi chineálacha úsáide teanga nach bhfuil gradam ag roinnt leo, go hoscailte nó go hindíreach, trí leas a bhaint as saintréithe teanga a bhfuil meas an phobail orthu, amhail fhuaimeanna an leagain "ardchéime" den teanga.

Féach freisin cuir in eagar

  • Leithcheal ar bhonn canúna
  • Imní faoi theanga iasachta - an easpa muiníne agus suaimhnis ar an duine atá ag foghlaim nó ag úsáid teanga iasachta

Léitheoireacht ghaolmhar cuir in eagar

  • Einar Haugen (1972) The Ecology of Language (Stanford University Press)

Tagairtí cuir in eagar

  1. Einar Haugen (1962) Schizoglossia and the Linguistic Norm Monograph Series on Languages and Linguistics Ollscoil Georgetown. Eagrán 15-1962
  2. Ni Mhóráin, Brighid (1997). "Thiar sa mhainistir atá an Ghaolainn bhreá , ar worldcat.org". Dáta rochtana: 2020.
  3. Eoin Ó Cróinín. "Ní bheidh fágtha den teanga ach patois gránna" (ga). NÓS. Dáta rochtana: 2020-08-05.
  4. Laura Wright (2006-11-02). "The Development of Standard English, 1300-1800: Theories, Descriptions, Conflicts" (as en). Cambridge University Press. 
  5. Féach ar Charles Mitchel as RTÉ sna 1960idí. "Jacob's Awards" (en). RTÉ Archives. Dáta rochtana: 2020-08-05.
  6. "elocution" an focal a bhí ann i mBéarla
  7. "Irish people with English accents in the 60's/70's" (en). Boards.ie. Dáta rochtana: 2020-08-05.