Scoil Chuimsitheach na Páirce Nua

Meánscoil chomhoideachais, chuimsitheach, gan táille, i gcúram Eaglais na hÉireann is ea Scoil na Páirce Nua (Béarla: Newpark Comprehensive School), atá suite ar Ascaill Pháirc an Bhaile Nua ar an gCarraig Dhubh, i gContae Átha Cliath, Éire.

Bosca Sonraí EagraíochtaScoil Chuimsitheach na Páirce Nua

ManaAide toi, Je t'aiderai Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálscoil chuimsitheach Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh 1891:  Scoil Abhóca
1894:  Scoil Bhaile an Rí
1972:  Scoil na Páirce Nua
Gníomhaíocht
Líon scoláirí800 Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú

Suíomh gréasáinnewparkschool.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
  • Map

Bunaíodh an scoil mar Scoil Chuimsitheach na Páirce Nua i 1972 tar éis Scoil Bhaile an Rí agus Scoil Abhóca a chónascadh le chéile, chun chomhoideachais gan táille a chur ar fáil do Phobal Eaglais na hÉireann in Áth Cliath Theas. Anois, tá an bhunaidhm chéanna ag an scoil. Ach, cé go bhfuil meon na hEaglaise ann, tá beartas oscailteachta ann maidir le traidisiúin agus le cultúir. Mar scoil chuimsitheach, cuireann Scoil na Páirce Nua fáilte roimh bhuachaillí agus roimh chailíní cibé creideamh nó eitneacht.

An Campas cuir in eagar

 
Plean campais Scoil na Páirce Nua

Tá achar campais Scoil na Páirce Nua 32,375m² (8 acraí) i méid. Tá foirgneamh saintógtha lárnach don scoil, rud a bhí oscailte i 1974, ach baintear úsáid as dhá theach mhóra, "Melfield" agus "Belfort" (ar a dtugann na daltaí "the Red-Brick"), fortheach saintógtha ar Belfort (Foirgneamh F), teach geata agus seomraí coimhdeacha eile freisin.

Áiseanna cuir in eagar

  • 25 Seomra Ranga
  • Halla Léachtaí (C6/Téatar Hunter)
  • Leabharlann agus dhá Sheomra IT (A2/D8)
  • Bialann
  • 2 chistin le haghaidh Eacnamaíochta Baile (B1/B3) agus Seomra Fuála (B5)
  • 5 shaotharlann (C1, C3, D6, D7, E1)
  • Seomra Ealaíne (C5/C7)
  • Seomra Líníochta Teicniúla (C8)
  • Ceardlann Adhmadóireachta/Staidéir Foirgníochta (C9/C11)
  • Ceardlann Miotalóireachta agus Innealtóireachta (F6)
  • Seomra Dorcha
  • Seomra Ceoil (G4) (Is féidir leis na Mic Léinn an tIonad Ceoil a úsáid freisin).
  • Seomra na Maor (E2)

Spórt cuir in eagar

Imríonn Scoil na Páirce Nua haca agus rugbaí go traidisiúnta. Le déanaí, tá cispheil á himirt sa scoil chomh maith.

Haca cuir in eagar

 
Na Laethanta Órga: Sinsir na Páirce Nua, Buaiteoirí Sraith Laighean 1995-96

San am atá thart, bhí clú ar Scoil na Páirce Nua mar mhórscoil haca. I dtaca le Club Haca Abhóca, bhuaigh siad roinnt comórtas náisiúnta ⁊ idirnáisiúnta. Ar an drochuair, mar gheall ar chúiseanna éagsúla, bhí haca ag Scoil na Páirce Nua tar éis titim chun raice ag deireadh na nóchaidí agus tá an cás ag an nóiméad fós i bhfad níos measa ná na laethanta órga. Tar éis oscailt páirce nua de chuid Chlub Haca Abhóca ar champas na scoile áfach, tá haca sa scoil ar a seanléim arís.

Imríonn buachaillí ⁊ cailíní ar gach aois haca i Scoil na Páirce Nua.

  • Sinsearach
  • Sóisearach
  • Faoi 16
  • Mionúr
  • Faoi 13

Iar-scoláirí cuir in eagar

  • Bryan Dobson, Nuacht RTÉ
  • Jonathan Philbin Bowman, craoltóir
  • Chris Horn, IONA Technologies

Féach freisin cuir in eagar

Naisc Sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar