Scuderia Ferrari
Roinn rásaíochta den mhonaróir carranna daorluachacha Ferrari is ea Scuderia Ferrari (Iodáilis: [skudeˈriːa ferˈraːri]) a ghlacann páirt i rásaíocht Foirmle a hAon. Tugtar “An tEach Léimneach” ar an bhfoireann freisin, mar thagairt don chapall sa lógó. Is í Scuderia Ferrari an fhoireann Fhoirmle a hAon is sine agus is rathúla atá ann, tar éis dóibh a bheith san iomaíocht i ngach craobh dhomhanda ó shéasúr Foirmle a hAon sa bhliain 1950. Bhunaigh Enzo Ferrari an fhoireann, chun gluaisteáin a rinne Alfa Romeo a rásáil ar dtús, ach faoi 1947 thosaigh Ferrari ag tógáil carranna dá chuid féin. Tá clú ar an bhfoireann freisin mar gheall ar a lucht tacaíochta paiseanta, ar a dtugtar na tifosi. Meastar gurb é Grand Prix na hIodáile ag Monza rás baile na foirne.
(2017) | |||||
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Cineál | foireann F1 | ||||
Dáta a bunaíodh | 1929 | ||||
Gníomhaíocht | |||||
Spórt | rásaíocht mótair | ||||
Urraitheoir | Kaspersky Lab (en) Mahle GmbH (en) Weichai Holding Group (en) Lenovo Advanced Micro Devices Shell USA (en) Ray-Ban (en) Hublot (en) Santander Group (2009–2017) | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Duine ábhartha | Frédéric Vasseur (en) : bainisteoir foirne (2023) Charles Leclerc: tiománaí Foirmle a hAon (2019) Carlos Sainz: tiománaí Foirmle a hAon (2021) | ||||
Máthaireagraíocht | Ferrari | ||||
Fochomhlacht | |||||
Suíomh gréasáin | ferrari.com… | ||||
- Baineann an t-alt seo leis an fhoireann Foirmle a hAon. Má tá suim agat sa dhéantóir carranna, féach Ferrari (comhlacht).
Is síol faoin ghnó é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |