Seán Ó Cuirrín
múinteoir agus aistritheoir Gaeilge
Múinteoir agus aistritheoir Gaeilge a bhí i Seán Ó Cuirrín. Rugadh i mBaile na nGall Mór sa bhliain 1894 agus bhain sé amach a chéim ollscoile i gCorcaigh sa bhliain 1915. Ina dhiaidh sin bhí sé ag múineadh meánscoile i nGaeltacht na Rinne. Sa bhliain 1926, chuaigh sé ag teagasc i gColáiste Chnoc Mheilearaí, áit ar mhair sé ag obair go dtí go ndeachaigh sé ar pinsean sa bhliain 1959. Tá sé curtha i Reilig Mheilearaí.
Seán Ó Cuirrín | |
---|---|
Saol | |
Eolas breithe | 3 Márta 1894 |
Bás | 20 Márta 1980 |
Oideachas | |
Alma mater | Coláiste na hOllscoile Corcaigh |
Gairm | |
Gairm | múinteoir agus aistritheoir |
Eisean a d'aistrigh an t-úrscéal uafáis Dracula le Bram Stoker go Gaeilge.