Seán Tracey (réabhlóidí, 1895-1920)

ball den IRA
(Athsheolta ó Seán Ó Treasaigh)

Bhí Sean Tracey (Seán Ó Treasaigh) (14 Feabhra 189514 Deireadh Fómhair 1920) ar dhuine de cheannairí Bhriogáid Dheisceart Thiobraid Árann de chuid an IRA i rith Chogadh na Saoirse. Ghlac sé páirt i luíochán Shulchóid Bheag i gCo. Thiobraid Árann sa bhliain 1919 agus a chuir tús le Cogadh na Saoirse in Éirinn.[1]

Infotaula de personaSeán Tracey

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(ga) Seán Ó Treasaigh
Beathaisnéis
Breith14 Feabhra 1895
Sulchóid Bheag Cuir in eagar ar Wikidata
Bás14 Deireadh Fómhair 1920
25 bliana d'aois
Sráid Thalbóid Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmtrodaí ar son na saoirse Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de

Find a Grave: 10994071 Cuir in eagar ar Wikidata

Maraíodh é ar Shráid Talbóid, Baile Átha Cliath le linn thréanbhabhta lámhaigh i nDeireadh Fómhair 1920.

Tús a shaoil cuir in eagar

Feirmeoirí beaga in Iarthar Thiobraid Árann ab ea muintir Uí Threasaigh. D'fhág sé an scoil nuair a bhí sé ceithre bliana déag d'aois, agus chuaigh sé le feirmeoireacht mar shlí bheatha.

Chuaigh sé i gConradh na Gaeilge, i mBráithreachas na Poblachta sa bhliain 1911 agus sna hÓglaigh sa bhliain 1913.

Réabhlóidí cuir in eagar

Cimíodh é tar éis Éirí Amach na Cásca. Chaith sé an chuid ba mhó den dá bhliain ina dhiaidh sin i dtóin an phríosúin, áit a ndeachaigh sé ar stailc ocrais ag amanna éagsúla.

Seo mar a scríobh sé chuig a chomrádaithe i dTiobraid Árainn óna phríosún i nDún Dealgan sa bhliain 1918:

 
94 sráid Thalbóid (Talbot), BÁC

"Iad siúd atá ag tacú leis an namhaid, ruaigigí as an tír iad. Aon duine a chuirfidh in bhur n-aghaidh, ná sparálaigí an lámh láidir air. Cloígí leis an disciplín is déine is féidir: ná ritheadh aon duine ag fágáil slán ag a mháthair ar an nóiméad deireanach" (Béarla: Deport all in favour of the enemy out of the country. Deal sternly with those who try to resist. Maintain the strictest discipline, there must be no running to kiss mothers goodbye).

Sa bhliain 1918, rinneadh Leas-Oifigeach Ceannais ar Thríú Briogáid Thiobraid Árann de na hÓglaigh de. Theastaigh uaidh buille a bhualadh i gcoinne na mBriotanach, agus bhí díomá air nuair nár cheadaigh lucht ceannasaíochta na Bráithreachta ionsaithe ar na póilíní sa bhliain 1917.

Luíochán na Sulchóide Bige cuir in eagar

B'iad an Treasach, Dónall Ó Braoin, Seán Ó hÓgáin, Séamus Robinson agus cúigear Óglach eile a chuir tús le Cogadh na Saoirse nuair a d'ionsaigh siad ón eadarnaí díorma de chuid Chonstáblacht Ríoga na hÉireann.

 
Luíochán na Sulchóide Bige eisíodh forógra, 19 Eanáir 1919

Mharaigh siad beirt phóilíní, Pádraig Mac Dónaill agus Séamus Ó Conaill, beirt phóilíní a raibh pléascáin geiligníte á n-iompar acu ar an tSulchóid Bheag[2] i gCo. Thiobraid Árann. B'é Robinson a d'eagraigh an luíochán, agus an Treasach i gceann na gcúrsaí lóistíochta.

Tarrtháil traenach Knocklong cuir in eagar

Cuireadh an taobh sin tíre faoi dhlí míleata mar gheall ar an lámhach. Rinneadh 'Ceantar Speisialta Míleata' de faoin Acht um Chosaint na Ríochta. Gabhadh Seán Ó hÓgáin ar an 12ú lá de Bhealtaine 1919, agus ina dhiaidh sin, chuaigh an Braonach, Robinson agus an Treasach le chéile le cúigear fear eile ó Bhriogáid Oirthir Luimnigh chun é a shaoradh as an ngéibheann.

An lá dár gcionn chuaigh na fir seo faoi cheannas Uí Threasaigh an traein ar a raibh Mac Uí Ógáin, agus é á thabhairt ó Dhurlas Éile go Corcaigh. D'éirigh ina throid idir na hÓglaigh agus na póilíní ansin. Gortaíodh an Braonach agus an Treasach go dona sa teagmháil, agus maraíodh beirt phóilíní.

Ina dhiaidh sin féin, bhí an t-ádh acu, nó d'éirigh leo Mac Uí Ógáin a tharrtháil gan ghránú a fhágáil air. Tugadh Seán Ó hÓgáin go Cnoc Loinge, áit ar bhain Seán Ó Loingsigh, duine de lucht a tharrthála, na dornaisc de le scoiltire a fuair sé ar iasacht ó bhúistéir na háite.

Bhí an Treasach ar dhuine acu siúd a d'fhéach leis an nginearál John French a fheallmharú i Mí na Nollag 1919.

 

Deireadh a Shaoil cuir in eagar

Tar éis na n-imeachtaí seo bhí ar an Treasach bailiú leis as Tiobraid Árann mar gheall ar an dianchuardach a bhí ag dul air agus ar na daoine eile a bhí páirteach sa tarrtháil. Chuaigh sé go Baile Átha Cliath, áit ar chuir an Coileánach ag obair é mar bhall den Scuad, a bhí ag feallmharú póilíní rúnda de chuid Rialtas na Breataine Móire.

D'fhill an Treasach ar Thiobraid Árainn i samradh na bliana 1920 agus d'ionsaigh sé roinnt bheairicí de chuid Chonstáblacht Ríoga na hÉireann in áiteanna mar an Bealach, Baile Uí Chléireacháin, agus Drongán.

Nuair a thosaigh na fórsaí slándála ag cúngú air arís i dTiobraid Árann, chuaigh an Treasach ar ais ar lorg dídine sa phríomhchathair. Is beag nár gabhadh é féin agus Dónall Ó Braoin i nDroim Conrach i dtuaisceart na cathrach. Bhí siad i dteach sábháilte, ach ansin, chuaigh tródam póilíní timpeall na háite, agus b'éigean dóibh cath lámhaigh a chur le teacht amach. Maraíodh fear an tí, an Dochtúir Ó Cearbhalláin, sa teagmháil, agus gortaíodh an Braonach féin go dona.

Marú cuir in eagar

Ar an gceathrú lá déag de Dheireadh Fómhair i lár na cathrach, d'aithin bleachtaire an Treasach, agus d'éirigh ina lámhach eatarthu. Ansin a maraíodh Seán Ó Treasaigh, lasmuigh de shiopa na Republican Outfitters ag uimhir a 94, Sráid Talbóid. Tá plaic bheag chré-umha san áit anois mar chuimhneachán ar an Treasach. Rud is annamh ag an am, bhí bhí fear ceamara ann agus rinne sé scannánú.[3][4]

 
Seán Ó Treasaigh, 1919

Tháinig a chónra isteach ag stáisiún traenach Acomhal Luimnigh agus lean slua mór go hEaglais San Nioclás sa tSulchóid é. Cuireadh i reilig Chill Fiacaile é. Scaoileadh gunnaí thar an uaigh cé go raibh go leor saighdiúirí i láthair.

Tionchar cuir in eagar

Gach bliain, tagann daoine le chéile i reilig Chill Fiacaile ar an gceathrú lá de Dheireadh Fómhair le cuimhne an Treasaigh a cheiliúradh.

Tá an t-amhrán úd Seán TreacyTipperary so Far Away, a cumadh faoi bhás an Treasaigh, beo i gcónaí i mbéal mhuintir Iarthar Thiobraid Árann, agus iad mórtasach as laoch na háite.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. worldcat.org. "Foilseacháin". Dáta rochtana: 2021.
  2. logainm.ie. "Sulchóid Bheag". Dáta rochtana: 2018.
  3. Scannán ar Facebook (1920). "Marú Seán Tracey". Dáta rochtana: 2021.
  4. Joe Ambrose (2007). "Seán Treacy and the Tan War" (as English). Douglas Village, Cork: Mercier Press. OCLC 181375660.