Seán Mac Brádaigh

cairdinéal Caitliceach
(Athsheolta ó Seán MacBrádaigh)

Ba ea Ardeaspag Ard Mhacha é Seán Mac Brádaigh (Béarla: Seán Brady) (rugadh 16 Lúnasa 1939, Laragh, Co. Cabháin).

Infotaula de personaSeán Mac Brádaigh

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith16 Lúnasa 1939
84 bliana d'aois
Drumcalpin, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Cairdinéal
24 Samhain 2007 –
Ard-Easpag Caitliceach Ard Mhacha
1996 – 8 Meán Fómhair 2014
← Cahal Daly (en) AistrighEamon Martin →
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Pontaifiúil na nGael
Pontifical Lateran University (en) Aistrigh
Coláiste Naomh Padraig, Contae an Chabháin Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmeaspag Caitliceach (1995–), sagart Caitliceach (1964–) Cuir in eagar ar Wikidata
CoisreacanCahal Daly (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ghlac sé/sí páirt i
12 Márta 2013comhthionól cairdinéal 2013 Cuir in eagar ar Wikidata

Saol cuir in eagar

Bhain sé amach céim in Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad sa bhliain 1960. Oirníodh é mar shagart sa bhliain 1964. Bronnadh dochtúireacht sa diagacht air sa bhliain 1967 ón Ollscoil Lateran sa Róimh. Bhí cónaí air sa Choláiste Gaelach.

D'fhill sé ar a chontae dhúchais agus chaith sé na blianta idir 1967 agus 1980 ag teagasc i gColáiste Naomh Pádraig i mbaile Cabháin.

Sa bhliain 1980, chuaigh sé ar ais chuig na Róimhe mar leascheannaire ar an gColáiste Gaelach Sa bhliain 1993 ceapadh é mar shagart paróiste i gCastletara, Co. Cabháin.

Tháinig sé i gcomharbacht ar Ardeaspag Cathal Ó Dálaigh mar Ardeaspag Ard Mhacha ar an 1 Deireadh Fómhair 1996.

Sé a rosc easpaig ná Jesum Christum cognoscore (Aithnigh Íosa Chríost).

Chuir an Phápa Beinidict XVI in iúl ar an 17 Deireadh Fómhair 2007 go raibh sé de rún aige cairdinéal a dhéanamh de. Rinneadh amhlaidh agus cruthaíodh cairdinéal de i searmanas sa Róimh ar an 24 Samhain 2007. Ba é an tríú cairdinéal in Éirinn ag an am (agus go dtí go bhfuair an Cairdinéal Ó Dálaigh bás).

Chuaigh Mac Brádaigh amach ar scor sa bhliain 2014 (75 bliain d'aois).