Is éan beag i bhfine na nglasán (Fringillidae) é seirín (géineas Serinus) a fhaightear san Eoraip agus san Afraic. De ghnáth, bíonn dath buí ina gclúmh. Rinne an nádúraí Gearmánach Carl Ludwig Koch cur síos ar an ngéineas den chéad uair sa bhliain 1816.[1][2] Ciallaíonn an focal serinus “canáraíbhuí” sa Laidin Nua.[3]

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoSeirín
Serinus Cuir in eagar ar Wikidata

Seirín Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
AicmeAves
OrdPasseriformes
FineFringillidae
FofhineCarduelinae
GéineasSerinus Cuir in eagar ar Wikidata
Koch, 1816

Tá ocht speiceas sa ghéineas:[4]

Íomha Ainm eolaíoch Ainm coitianta Dáileadh
Serinus pusillus Seirín ceanndubh an Tuirc agus an Iaráin
Serinus serinus Seirín Eorpach deisceart agus lár na hEorpa agus an Afraic Thuaidh
Serinus syriacus Seirín Siriach an tSiria, an Liobáin, Iosrael agus an Iordáin
Serinus canaria Canáraí an Atlantaigh na hOileáin Chanáracha, na hAsóir, agus Maidéara
Serinus canicollis Canáraí na Rinne deisceart na hAfraice
Serinus flavivertex Canáraí buíchorónach oirthear na hAfraice
Serinus nigriceps Siscín Aetópach an Aetóip
Serinus alario Canáraí ceanndubh Leosóta, sa Namaib agus san Afraic Theas

Tagairtí cuir in eagar

  1. Koch, Carl Ludwig (1816). "System der baierischen Zoologie, Volume 1" (in de). Nürnberg. 
  2. "Check-list of birds of the world, Volume 14" (1968). Cambridge, Massachusetts: Museum of Comparative Zoology. 
  3. Jobling, James A. (2010). "The Helm Dictionary of Scientific Bird Names". London, United Kingdom: Christopher Helm. ISBN 978-1-4081-2501-4. 
  4. Gill: “Finches, euphonias”. World Bird List Version 5.2. International Ornithologists' Union. Dáta rochtana: 5 Meitheamh 2015.