Selina Cartmell
Is stiúrthóir amharclainne Briotanach í Selina Cartmell, bunaithe i mBaile Átha Cliath, Éire. Tá sí ina stiúrthóir faoi láthair ag Amharclann an Gheata.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | Lake District |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Central School of Speech and Drama Ollscoil Ghlaschú Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath |
Gníomhaíocht | |
Gairm | stiúrthóir drámaíochta, stiúrthóir scannán |
Fostóir | Amharclann an Gheata |
Beatha
cuir in eagarRugadh Cartmell i gCeantar na Lochanna, an Ríocht Aontaithe. D'oibrigh a máthair Annie mar bhean chabhartha agus is cuntasóir ar scor í a hathair Gordon. Tá triúr deartháireacha níos sine aici.
Tá MA aici ón Scoil Lárnach Urlabhra agus Drámaíochta i gCleachtas Ard-Amharclainne i dTreorú agus MA i Stair na hEalaíne agus na Drámaíochta ó Ollscoil Ghlaschú agus Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, áit a scríobh sí a tráchtas ar Samuel Beckett.[1][2][3]
Gairm
cuir in eagarBhog Cartmell go Baile Átha Cliath agus bhunaigh sí a compántas féin Siren Productions i 2004.[4] D'oibrigh sí mar stiúrthóir neamhspleách ar fud amharclanna na hÉireann, Amharclann na Mainistreach agus Amharclann an Gheata san áireamh. Ba í Ealaíontóir Cónaithe idir 2010-1 san Amharclann Samuel Beckett.[5][6]
In 2017, fógraíodh í mar an ceathrú stiúrthóir ealaíne ar Amharclann an Gheata. Stiúraigh sí trí drámaí ansin tar éis sin: Red Shoes (2018), Assassins (2018) agus A Christmas Carol (2019).[3]
Stiúraigh sí a céad scannán dar teideal The Date sa 2017 le maoiniú ó RTÉ agus Filmbase, agus bhuaigh sí an chéad gearrscannán is fearr ag Fleadh Scannán na Gaillimhe i mí Iúil 2017.
Gradaim
cuir in eagarBuaiteoir de Ghradam Amharclainne an Irish Times don Stiúrthóir is fearr:
2018 Gradam Ealaíon agus Litríochta de Irish Tatler [10]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "Meet Selina Cartmell - A new keeper at the Gate Theatre" (en). Independent.ie. Dáta rochtana: 2019-12-30.
- ↑ "Próifíl Selina Cartmell sa Irish Playography". www.irishplayography.com. Dáta rochtana: 2019-12-30.
- ↑ 3.0 3.1 Peter Crawley. "‘The Gate attracts drifters. It’s about making it a beacon’" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2019-12-30.
- ↑ Helen Meany (2018-01-05). "Waking the Feminists: the campaign that revolutionised Irish theatre" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2019-12-30.
- ↑ "Theatre director who followed her heart" (en). Independent.ie. Dáta rochtana: 2019-12-30.
- ↑ Mark Cook & Lyn Gardner (2010-11-06). "This week's new theatre" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2019-12-30.
- ↑ Erin McGuire. "Stephen Rea recognised for outstanding contribution" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2019-12-30.
- ↑ "AWARD WINNERS" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2019-12-30.
- ↑ "Winners: where the awards went" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2019-12-30.
- ↑ "The 2018 Irish Tatler Arts and Literature Award Goes to Selina Cartmell." (en). Irish Tatler. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-12-30. Dáta rochtana: 2019-12-30.