Plaistisféar
Is éard atá sa phlaistisféar ná éiceachórais atá tagtha chun cinn chun maireachtáil i dtimpeallachtaí plaisteacha de dhéantús an duine. Feidhmíonn gach plaisteach atá carntha in éiceachórais mhuirí mar ghnáthóg do chineálacha éagsúla miocrorgánach, agus is iad na micreaphlaistigh iad an t-éilleán is suntasaí.[1] Tá tuairim is 51 trilliún micreaphlaisteach ar snámh sna haigéin.[2] Maidir leis an phlaistisféar, tá níos mó ná 1,000 speiceas éagsúil miocrób in ann cónaí i gceann amháin de na píosaí plaisteacha 5mm seo.[3]
Gníomhaíonn truailliú plaisteach mar "long" níos marthanaí ná ábhar in-bhithmhillte chun na horgánaigh a iompar thar achair fhada.[4][5] Is féidir leis an chianiompar seo miocróib a aistriú chuig éiceachórais éagsúla agus d'fhéadfadh speicis ionracha a thabhairt isteach chomh maith le halgaí díobhálacha.[6] Is éard atá sna miocrorgánaigh a fhaightear ar an smionagar plaisteach ná éiceachóras iomlán de uatrófaigh, heitreatrófaigh agus siombóisigh.[7] Tá difríocht idir na speicis mhiocróbacha a fhaightear laistigh de phlastisféar agus ábhair eile ar snámh agus a tharlaíonn go nádúrtha (.i., cleití agus algaí) mar gheall ar nádúr ceimiceach uathúil an phlaistigh agus luas mall an bhith-dhíghrádaithe. Chomh maith le miocróib, tháinig borradh faoi fheithidí i gceantair san aigéan nach raibh do-áitrithe roimhe sin. Bhí ba Halobates, mar shampla, in ann atáirgeadh ar an dromchla crua a sholáthraíonn an plaisteach ar snámh.[8]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Zettler (2 July 2013). "{{{title}}}". Environmental Science & Technology 47 (13): 7137–7146. doi:PMID 23745679. Bibcode: 2013EnST...47.7137Z. .
- ↑ “FAU Scientists Uncover ‘Missing’ Plastics Deep in the Ocean” (en). www.fau.edu. Dáta rochtana: 2023-04-20.
- ↑ Zettler. “The “Plastisphere:" A new marine ecosystem | Smithsonian Ocean” (en). ocean.si.edu. Dáta rochtana: 2023-04-20.
- ↑ "Plastic rafting: the invasive species hitching a ride on ocean litter". The Guardian.
- ↑ "An ecosystem of our own making could pose a threat". Los Angeles Times.
- ↑ "Behold the 'Plastisphere'".
- ↑ "Scientists Discover Thriving Colonies of Microbes in Ocean 'Plastisphere'".
- ↑ "Our Trash Has Become A New Ocean Ecosystem Called "The Plastisphere"".