Sgùrr na Cìche (Cnòideart)

sliabh in Albain (1040m)

Sliabh i gCnóideart atá suite i [[[Gàidhealtachd na h-Alba|nGhàidhealtachd na h-Alba]] is ea Sgùrr na Cìche',[1]. Tá sé 1040m ar airde agus is Binn Rothaich iargúlta í. Tá sé suite idir ceann Loch Nibheis agus ceann Loch Chuaich. Tá cruth cíche, ar an sliabh agus tá sé le feiceáil ó Àird a’ Bhàsair san Eilean Sgitheanach. Téann druim thoir an tsléibhe go Garbh Chìoch Mhòr (1013m), Garbh Chìoch Bheag (968m) agus Sgùrr nan Coireachan (953m).

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachSgùrr na Cìche
Íomhá
CineálSliabh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deCnòideart Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinComhairle na Gàidhealtachd, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 57° 00′ 46″ N, 5° 27′ 26″ O / 57.0127°N,5.4572°W / 57.0127; -5.4572
Tréithe
Airde os cionn na farraige1,040 m Cuir in eagar ar Wikidata
Starraiceacht thopagrafach839 m Cuir in eagar ar Wikidata
Rangú bailithe buaicBinn Rothach, Marilyn (en) Aistrigh, HuMP (en) Aistrigh, Murdo (en) Aistrigh, Simm (en) Aistrigh agus Tump (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Tá céim suas an tsléibhe idir Sgurr na Cîche agus Garbh Cíoch Mòr ó Ghleann Deasaraidh, agus sin an bealach is coitianta chun an mullach a bhaint amach, ag tosú an lae ag ceann Loch Airceig. Tá sé coitianta freisin an oíche a chaitheamh ag Sourlies agus Droim a Gortein a dhreapadh ón iardheisceart, cé nach bhfuil céim ar bith ann. Is siúlóid sléibhe é an siúlóid, agus ní gá trealamh dreapadóireachta chun an mullach a bhaint amach, áfach, tá an talamh bog-fliuch uaireanta, agus tá codanna den sliabh creagach agus géar.[2].

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  1. Ainmean-Àite na h-Alba (AÀA) — Gaelic Place-names of Scotland” (en). Ainmean-Àite na h-Alba. Dáta rochtana: 2024-04-20.
  2. Walk Highlands [1]