Sliabh in Albain is ea Rothach (Béarla: Munro) atá os cionn 3,000 troigh (914.4m) ar airde. Tá 282 acu ann. Tagann an téarma seo ón Ridire Ùisdean Rothach (Béarla: Sir Hugh Munro (1856–1919), a chruthaigh liosta de na beanna seo, ar a dtugtar Munro's Tables, sa bhliain 1891. San áireamh freisin, bhí an méid a mheas an Ridire a bheith ina mbeanna níos lú, ar a dtugtar anois Munro Tops, atá freisin os cionn 3,000 troigh ach atá níos ísle ná an sliabh príomhúil in aice láimhe. San athbhreithniú ar na sléibhte seo, a d'fhoilsigh Club Streapadaireachd na h-Alba sa bhliain 2012, bhí 282 Rothach agus 227 Munro Tops eile ann. Athraíonn líon na Rothach ó am go chéile de réir mar a dhéantar athbhreithniú orthu le huirlisí teicneolaíochta níos nuaí agus níos cruinne.

Breac-chuntas ar na Limistéir i Munro's Tables sa bhliain 1891. Léarscáil bunaithe ar eolas san eagrán 2006 de 'The Munros - SMC Hillwalkers' Guide ISBN 0907521940
Beinn Nibheis an Bhinn Rothach is airde sa Bhreatain Mhór

I mí na Bealtaine agus i mí Iúil 2009, rinneadh athbhreithniú ar na beanna a bhí beagnach 3,000 troigh. Ar an 10 Meán Fómhair 2009 fógraíodh nach raibh ach 2,996 troigh 10 n-orlach (913.43 m) ar airde ag Sgùrr nan Ceannaichean, ag ceann theas Ghleann Carrainn. Dá bhrí sin, bhain Club Streapadaireachd na h-Alba an stádas mar Rothach uaidh agus is Corbett an sliabh seo anois. I samhradh na bliana 2011 fuarthas amach go bhfuil Beinn a' Chlaidheimh in Achadh Iasgair 2,998 troigh agus 8 n-orlach (914 m) ar airde, agus mar sin róbheag le bheith ina Rothach. Baineadh stádas an tsléibhe i Meán Fómhair na bliana 2012, agus is Corbett é anois.[1][2]

Ó Mheán Fómhair 2012, bhí 282 Binn Rothaich agus 227 mullach Rothaich eile ar liosta na mbeann seo.

Is caitheamh aimsire é do shiúlóirí agus dreapadóirí gach Rothach a dhreapadh agus taifead a choinneáil ar a ndul chun cinn. Glaoitear "pocadair rothach" ar na daoine seo mar leasainm. Mar sin féin, gach bliain cailleann daoine a mbeatha ar na sléibhte agus bíonn an aimsir, tír-raon garbh nó an easpa folláine ina dhúshlán dóibh.

  1. Fisherfield Munro demoted to Corbett status after coming up short in survey[nasc briste go buan] aig stv news (Béarla)
  2. Graham Jackson is John Barnard: Beinn a’ Chlaidheimh: the Munro Society surveyors respond, aig Caledonian Mercury (Béarla)