Sgùrr na Cìche (Cnòideart)
Sliabh i gCnóideart atá suite i [[[Gàidhealtachd na h-Alba|nGhàidhealtachd na h-Alba]] is ea Sgùrr na Cìche',[1]. Tá sé 1040m ar airde agus is Binn Rothaich iargúlta í. Tá sé suite idir ceann Loch Nibheis agus ceann Loch Chuaich. Tá cruth cíche, ar an sliabh agus tá sé le feiceáil ó Àird a’ Bhàsair san Eilean Sgitheanach. Téann druim thoir an tsléibhe go Garbh Chìoch Mhòr (1013m), Garbh Chìoch Bheag (968m) agus Sgùrr nan Coireachan (953m).
Cineál | Sliabh | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | Cnòideart | |||
Suíomh | ||||
Limistéar riaracháin | Comhairle na Gàidhealtachd, Scotland | |||
| ||||
Tréithe | ||||
Airde os cionn na farraige | 1,040 m | |||
Starraiceacht thopagrafach | 839 m | |||
Rangú bailithe buaic | Binn Rothach, Marilyn (en) , HuMP (en) , Murdo (en) , Simm (en) agus Tump (en) | |||
Tá céim suas an tsléibhe idir Sgurr na Cîche agus Garbh Cíoch Mòr ó Ghleann Deasaraidh, agus sin an bealach is coitianta chun an mullach a bhaint amach, ag tosú an lae ag ceann Loch Airceig. Tá sé coitianta freisin an oíche a chaitheamh ag Sourlies agus Droim a Gortein a dhreapadh ón iardheisceart, cé nach bhfuil céim ar bith ann. Is siúlóid sléibhe é an siúlóid, agus ní gá trealamh dreapadóireachta chun an mullach a bhaint amach, áfach, tá an talamh bog-fliuch uaireanta, agus tá codanna den sliabh creagach agus géar.[2].
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- Sgùrr na Cìche aig munromagic.com (Béarla)
- Sgùrr na Cìche aig walkhighlands.co.uk (Béarla)
- The Munros: Scottish Mountaineering Club Hillwalkers Guide, by Donald J. Bennet.ISBN 0-907521-57-6
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ “Ainmean-Àite na h-Alba (AÀA) — Gaelic Place-names of Scotland” (en). Ainmean-Àite na h-Alba. Dáta rochtana: 2024-04-20.
- ↑ Walk Highlands [1]