Silicíbin
Is comhdhúil a tharlaíonn go nádúrth é silicíbin mar phródruga sícideileach, a tháirgtear ag níos mó ná 200 speiceas fungais. Is baill den ghéineas Psilocybe iad na cinn is cumhachtaí, mar P. azurescens, P. semilanceata, agus P. cyanescens, ach bhí silicíbin aonraithe ó thart ar dhosaen géineas eile freisin. Tá silicíbin féin neamhghníomhach go bitheolaíoch ach tiontaíonn an corp é go silicin go tapa, ag a bhfuil éifeachtaí a athraíonn an meon, cosúil leo siúd a bhaineann le LSD, mescaline, agus DMT, Go ginearálta, cuimsíonn na héifeachtaí eofóiria, siabhráin radhairc agus mheabhracha, athruithe ar aireachtáil, braistint ama as a riocht, agus eispéiris spioradálta tugtha faoi deara. D’fhéadfadh frithghníomhartha díobhálacha a bheith ann amhail samhnas agus taomanna scaoll.