Sinuhe egyptiläinen

úrscéal leis an údar Fionlannach Mika Waltari

Is é Sinuhe egyptiläinen (Sinuhe, an tÉigipteach - The Egyptian atá ar an leagan Béarla) an t-aon úrscéal Fionlainnise a bhfuil mórscannán de chuid Hollywood bunaithe air. Ba é Mika Waltari a bhreac síos an t-úrscéal, agus de na húrscéalta go léir a tháinig ó pheann mo dhuine is é scéal Sinuhe an ceann is mó a bhain amach clú don scríbhneoir taobh amuigh den Fhionlainn. Cuireadh aon teanga amháin is dhá scór ar an leabhar, agus san Fhionlainn féin bhronn na léitheoirí céim "leabhar an chéid" ar an úrscéal seo sa bhliain 2017.

WD Bosca Sonraí LeabharSinuhe egyptiläinen
Cineálsaothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarMika Waltari Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Fhionlainnis Cuir in eagar ar Wikidata
Ealaín chlúdaigh leBjörn Landström Cuir in eagar ar Wikidata
Foilseachánan Fhionlainn, 1945 Cuir in eagar ar Wikidata
FoilsitheoirWSOY
Tréith
PríomhábharSinuhe (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraÚrscéal stairiúil Cuir in eagar ar Wikidata
Carachtair
Suíomh scéalaíochtaan tSean-Éigipt Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Leabharuimhir Chaighdeánach Idirnáisiúnta978-1-55652-441-7 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir OCLC49531238 Cuir in eagar ar Wikidata
Archive.org: egyptian00walt

Tháinig an chéad eagrán de scéal Sinuhe i gcló sa bhliain 1945. Ba é an teach foilsitheoreachta úd WSOY a d'fhoilsigh é. Is é is ábhar don leabhar ná saol agus cinniúint an lia Éigiptigh Sinuhe. Fuair Waltari ainm an lia seo ó Sinuhe nó Za-Nehet, státseirbhíseach Éigipteach a bhfuil scéal a shaoil ar an saothar is tábhachtaí dá bhfuil ar fáil i seanteanga na hÉigipte. Bhí Sinuhe an leabhair seo beo i ré Amenemhat, an Faró a chuir bun le dara rítheaghlach déag na hÉigipte sa 19ú haois roimh bhreith Chríost. Maidir leis an lia ficseanúil in úrscéal Waltari, áfach, tá imeachtaí a shaoil-sean suite i ré Ekhnaton (Akhenaten), go gairid roimh an ré sin nó ina diaidh sin. Bhí Ekhnaton ag rialú na hÉigipte ó na 1350idí go dtí na 1330idí roimh bhreith Chríost, i bhfad ní ba dheireanaí ná Amenemhat.

Bhunaigh Ekhnaton na staire creideamh aondiach san Éigipt, rud a chuir draíocht ar mhuintir an Iarthair riamh, ó chonaic siad sórt réamhtheachtaire don Chríostaíocht sa chreideamh sin. Maidir le Waltari, áfach, d'fhéadfá a rá gur chuir sé creideamh Aton (sin é an t-ainm a bhí ar an nGrian agus ar Dhia araon i gcreideamh Ekhnaton) i gcomparáid leis an gCumannachas. Ón taobh eile de is féidir rí na Hitíteach, Suppiluliuma, sa leabhar a dhealramh le Hitler. D'fhág imeachtaí an Dara Cogadh Domhanda, mar a chuaigh siad i bhfeidhm ar an scríbhneoir, a lorg ar an leabhar, mar is léir do léitheoir an lae inniu féin.

Is iad príomhcharachtair an scéil ná:

  • Sinuhe, an dochtúir. Is iomaí ceird a chaithfidh sé a chleachtadh, rud a chuireann ar chumas an scríbhneora súil a chaitheamh ar aicmí éagsúla na sochaí Éigiptí. Idéalach é Sinuhe nach bhfuil in ann saol sona socraithe a bhaint amach dó féin.
  • Ekhnaton, an faró. Is idéalach eisean chomh maith agus é ag iarraidh sórt parthas domhanda a chruthú, ach sa deireadh thiar ní tharraingíonn sé ach cogadh cathartha agus léirscrios anuas ar an Éigipt.
  • Horemheb, an ginearál. Fear cruálach praiticiúil é agus é ag iarraidh an tsochaí a thabhairt chun síochána le lámh láidir.
  • Nefernefernefer, spéirbhean a chuireann draíocht ar fhir chneasta cosúil le Sinuhe féin agus í ag baint a leasa féin astu.
  • Kaptah, sclábhaí pearsanta Sinuhe. Más é Sinuhe Don Cíochótae, is é Kaptah a dhéanann páirt Sancho Panza sa leabhar. Fear praiticiúil é a bhfuil acmhainn ghrinn aige chomh maith. Frithmheáchan é an fear cliste ciallmhar seo do Sinuhe.

An Scannán Meiriceánach a Bunaíodh ar an Úrscéal cuir in eagar

Sa bhliain 1954 scannánaíodh an t-úrscéal sna Stáit Aontaithe faoin teideal The Egyptian. Ba é Micheal Curtiz an stiúrthóir, agus Edmund Purdom ag déanamh pháirt Sinuhe. Aisteoirí eile ab ea Jean Simmons (Merit, bean Sinuhe), Bella Darvi (Nefernefernefer), Peter Ustinov (Kaptah), Michael Wilding (Akhenaten - Ekhnaton), agus Victor Mature (Horemheb). Rinneadh athruithe móra ar imeachtaí an scéil, fiú athruithe nach raibh ag cur le fíorstair na sean-Éigipte (rinne Waltari féin a dhícheall gan an stair sin a chur as a riocht san úrscéal). Ní bhfuair an scannán gnaoi na gcriticeoirí ná an lucht féachana, áfach. Ba é an plean a bhí ann ar dtús go ndéanfadh Marlon Brando páirt Sinuhe, agus Marilyn Monroe i ról Nefernefernefer, ach ní mar a shíltear a bhítear: d'éirigh Brando as i dtús na hoibre, nuair a bhí sé tar éis an chéad súil a chaitheamh ar an script, agus maidir le Monroe, ní raibh léirsitheoir an scannáin Darryl Zanuck ceanúil ar Mhonroe - ina áit sin theastaigh uaidh Darvi a fhostú. Ba é breithiúnas na gcriticeorí agus na saineolaithe scannánaíochta gur chuir an drochroghnú aisteoirí seo The Egyptian ó mhaith.