Mika Waltari

údar Fionlannach

Scríbhneoir Fionlannach a rugadh i Heilsincí ab ea Mika Toimi Waltari (19 Meán Fómhair 190826 Lúnasa 1979). Ba iad na húrscéalta móra stairiúla ba mhó a thabhaigh a chlú dó taobh amuigh dá thír dhúchais, ach le fírinne bhí sé as cuimse bisiúil, agus scríobh sé drámaí raidió, gearrscéalta, nóibhillí, scéalta bleachtaireachta, agus (le linn an Dara Cogadh Domhanda) bolscaireacht chogaidh.

Infotaula de personaMika Waltari

(1939) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(fi) Mika Toimi Waltari
19 Meán Fómhair 1908
Heilsincí, An Fhionlainn Cuir in eagar ar Wikidata
Bás26 Lúnasa 1979
70 bliana d'aois
Heilsincí, An Fhionlainn Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ailse)
Áit adhlacthaHietaniemi cemetery (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnLiútarachas
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Heilsincí
Helsinki Normal Lyceum (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheEtu-Töölö (en) Aistrigh
Teanga dhúchaisan Fhionlainnis
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, scríbhneoir scripte, file, úrscéalaí, aistritheoir, iriseoir, drámadóir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1927 –
SeánraÚrscéal stairiúil agus coirscéal
Ainm cleiteKristian Korppi
M. Ritvala
Leo Arne
Leo Rainio
Nauticus Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Fhionlainnis
Teaghlach
PáisteSatu Waltari Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

IMDB: nm0909958 Musicbrainz: 40f16387-77b3-4e00-a8fe-a9ab6d632252 Discogs: 951626 Find a Grave: 8798384 Cuir in eagar ar Wikidata

Saol cuir in eagar

Ministir Protastúnach ab ea athair Mika, Toimi Waltari ("Gníomh" is brí leis an ainm sin "Toimi"), agus scríobh sé cúpla úrscéal idéalach teagascúil don aos óg, chomh maith le leabhar amháin faoi chruachás na bpríosúnach san Fhionlainn. Fuair sé bás nuair nach raibh Mika ach cúig bliana d'aois.[1] Chuaigh Mika óg ar an meánscoil úd Norssi, is é sin, Helsingin Suomalainen Normaalilyseo, agus é ina eagarthóir ar iris ghreannmhar na ndaltaí. I ndiaidh dó a ardteastas a bhaint amach ó Norssi sa bhliain 1926 thosaigh sé ag staidéar diagachta in Ollscoil Heilsincí, ach ansin, i ndiaidh dó dul trí ghéarchéim phearsanta agus a shaoldearcadh a athrú go radacach thréig sé an diagacht agus chuaigh sé le fealsúnacht in áit an reiligiúin. Bhain sé amach a chéim ollscoile sa bhliain 1929, agus scríobh sé a thráchtas céime san fhealsúnacht phraiticiúil ag trácht ar bhaint na collaíochta leis an reiligiún.

An chéad úrscéal a scríobh Mika Waltari ba scéal cráifeach teagascúil é cosúil leis na leabhair a bhí scríofa ag a athair, agus b'ionann é an teach foilsitheoireachta freisin - Merimieslähetys, is é sin, Misinéirí na Mairnéalach - eagraíocht Chríostaí a bhí ag iarraidh freastal ar riachtanaisí spioradálta na mairnéalach Fionlannach ar an gcoigríoch. Jumalaa paossa an teideal a bhí ar an úrscéal - "Ar a Theitheadh ó Dhia". Ní raibh Waltari ach seacht mbliana déag d'aois nuair a scríobh sé an scéal seo.

 
1958

"Iompróirí na Tine" cuir in eagar

 
Waltari timpeall 1928

Bhí Waltari ina bhall de ghrúpa na scríbhneoirí óga Tulenkantajat ("Iompróirí na Tine"), agus d'éirigh an briseadh mór leis sa bhliain 1928, nuair a tháinig an t-úrscéal úd Suuri illusioni i gcló (tabhair faoi deara gur seanfhoirm é "illusioni"; "illuusio" a bheadh ann de réir Fhionlainnis an lae inniu, ach is é is brí le teideal an leabhair ná "An Seachmall Mór"). Tugann an t-úrscéal seo cur síos ar shaol is ar mheon na scríbhneoirí óga san am, agus cuireadh i gcomparáid é le saothar F. Scott Fitzgerald agus Ernest Hemingway. Fuair Waltari inspioráid don leabhar seo ón gcaidreamh a bhí aige leis na daoine a thagadh le chéile i dteach Minna Craucher. Fánaí mná. gadaí agus iarstriapach a bhí i Minna Craucher ar éirigh léi í féin a chur chun tosaigh mar bhean neamhghnách rúndiamhair i measc na n-ógintleachtóirí macánta. An caidreamh a bhí ag Waltari leis an mbean seo d'fhág sé náire air, agus sa bhliain 1930 chuaigh Waltari ag taisteal na Fraince le dearmad a dhéanamh de Craucher.

 
scigphictiúr

Sna saighdiúirí cuir in eagar

Sa bhliain chéanna chuaigh Waltari sna saighdiúirí ina choinscríofach, ach bhain timpiste ghluaisteáin dó sula raibh an téarma istigh aige. Nuair a bhí sé ina othar san ospidéal míleata, scríobh sé úrscéal moltach faoi shaol an airm, Siellä missä miehiä tehdään ("Áit a nDéantar Fir"). Dealraíonn sé, áfach, nár thaitin saol an tsaighdiúra leis ar aon nós, cé go raibh sé ag áitiú a mhalairte ar na léitheoirí. Bhí lámh is focal idir é agus Marjatta Luukkonen, agus ós ginearál a bhí in athair na mná óige seo, fuair Waltari ciallmhar leabhar a bhreacadh síos a chuirfeadh athair Mharjatta i ndea-ghiúmar.

An Scríbhneoir Proifisiúnta cuir in eagar

Phós Waltari agus Marjatta Luukkonen sa bhliain 1931, agus rugadh Satu Waltari, a n-iníon, sa chéad bhliain eile. Chuaigh Satu Waltari féin le scríbhneoireacht nuair a d'fhás sí aníos. D'éirigh Waltari an-bhisiúil mar scríbhneoir le bia agus beatha a choinneáil lena theaghlach. Bhí sé ag obair ina iriseoir don tseachtaineán Suomen Kuvalehti go dtí an bhliain 1938, agus ina dhiaidh sin shaothraíodh sé a chuid ina shaorscríbhneoir. Sna tríochaidí scríobh sé úrscéalta, gearrscéalta, finscéalta, dánta agus drámaí - sé dhráma fichead ar fad.

An Bolscaire Cogaidh cuir in eagar

 
1971

I rith an Dara Cogadh Domhanda, bhí Waltari ag obair d'údarás cinsireachta agus bolscaireachta na Fionlainne - Valtion tiedoituslaitos. Chomh luath leis an mbliain 1933 d'aistrigh sé go Fionlainnis an bheathaisnéis a scríobh Hanns Heinz Ewers faoi Horst Wessel, laoch náisiúnta an Naitsíochais. Le linn an chogaidh, scríobh sé úrscéalta bolscaireachta ar nós Antero ei enää palaa ("Ní fhillfidh Antero choíche") agus Rakkaus vainoaikaan ("An Grá i Ré na Contúirte"). Bhí sé sásta páirt a ghlacadh i gcruinniú a chóirigh Joseph Goebbels, aire bolscaireachta na Gearmáine Naitsíche, do scríbhneoirí na dtíortha a bhí ag comhoibriú leis an nGearmáin.

Na hÚrscéalta Móra cuir in eagar

I ndiaidh an chogaidh a scríobh Waltari a chuid úrscéalta móra stairiúla a thabhaigh a chlú domhanda dó: Sinuhe egyptiläinen ("Sinuhe, an tÉigipteach") sa bhliain 1945, Mikael Karvajalka sa bhliain 1948, Mikael Hakim sa bhliain 1949, Valtakunnan salaisuus ("Rún na Ríochta") sa bhliain 1959 agus Ihmiskunnan viholliset ("Naimhde an Chine Dhaonna") sa bhliain 1964. Ina dhiaidh sin, áfach, bhí a inspioráid spíonta. Bhain sé triail as úrscéal stairiúil eile, faoi Ord na Ridirí Máltacha, ach níor éírigh leis an t-úrscéal sin a chríochnú.

 

Deireadh a Shaoil cuir in eagar

Fuair Waltari bás sa bhliain 1979.[2] Bhí sé trom ar an tobac, agus é ag éileamh le hailse na scamhóg. Bhí claonadh ann chun alcólachais freisin, agus uaireanta bhí an dúlagar intinne (an lionn dubh) ag luí air chomh tromchúiseach agus go gcaithfeadh sé seal a chaitheamh in ospidéal síciatrach.

Saothair cuir in eagar

Is iad na húrscéalta móra stairiúla le Waltari is mó a léitear taobh amuigh den Fhionlainn:

Tagairtí cuir in eagar

  1. Petri Liukkonen: Mika Waltari, Authors Calendar
  2. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2015-07-01. Dáta rochtana: 2011-08-24.