Iris Fionlainnise é Suomen Kuvalehti (gnáthghiorrúchán: SK) a fhoilsítear uair in aghaidh na seachtaine, Dé hAoine. Is é an gnólacht foilsitheoireachta Otavamedia an foilsitheoir. Is é is brí le hainm na hirise ná Pictiúr-Iris na Fionlainne. Glactar leis gur seachtanán dáiríre atá i gceist agus é ag cardáil ceisteanna cultúrtha, eacnamaíochta agus polaitíochta. Tá an iris á foilsiú ón mbliain 1916 i leith, ach roimhe sin bhí dhá iris eile a bhí ar aon teideal léi: an chéad cheann a bhí á fhoilsiú sna blianta 1873–1880 agus an dara hiarracht sa bhliain 1894.

Infotaula de publicacions periòdiquesSuomen Kuvalehti

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálirisleabhar agus iris nuachta
Cárta innéacs
Teangaan Fhionlainnis
Am tosaigh1916 Cuir in eagar ar Wikidata
ÚinéirOtavamedia
Áit a fhoilsitheHeilsincí
Tréith
FoilsitheoirOtavamedia Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóirí
ISSN0039-5552 agus 1237-9069

Suíomhsuomenkuvalehti.fi Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: SuomenKuvalehti Twitter: SuomenKuvalehti Cuir in eagar ar Wikidata