Siosma Mór an Iarthair
Scoilt laistigh den Eaglais Chaitliceach a mhair ó 1378 go 1417 [1] ab ea Siosma Mór an Iarthair (Laidin: Magnum schisma occidentale, Ecclesiae occidentalis schisma) a thosaigh nuair a mhaígh beirt easpag a raibh cónaí orthu sa Róimh agus in Avignon gurbh iad an fíorphápa. Tháinig éilitheoir eile chun cinn i bPisa sa bhliain 1409. Pearsantachtaí agus dílseacht pholaitíochta a spreag an siosma, mar gheall ar an dlúthbhaint idir an phápacht in Avignon agus monarcacht na Fraince. Rinne an chonspóid dochar do ghradam na hoifige.[2]
Cineál | schism in Christianity (en) | ||
---|---|---|---|
Tréimhse | 1378 - 1417 | ||
Bhí an phápacht lonnaithe in Avignon ó 1309, ach d'fhill an Pápa Gréagóir XI ar an Róimh sa bhliain 1377. Tharla an scoilt an bhliain dár gcionn nuair a d'fhógair Coláiste na gCairdinéal go raibh sé tar éis dhá phápa a thoghadh laistigh de thréimhse sé mhí tar éis bhás Gréagóir XI: an Pápa Urban VI agus an Frithphápa Clement VII. Tar éis roinnt iarrachtaí ar athmhuintearas, dhearbhaigh Comhairle Pisa (1409) nach raibh éileamh dlisteanach ar an bpápacht ag ceachtar díobh, agus thoghadar an tríú duine mar Phápa, Alastar V. Fuair Alastar V bás an bhliain dár gcionn, agus tháinig Eoin XXIII i gcomharbas air. Réitíodh an siosma nuair a d'eagraigh Eoin XXIII Comhairle Konstanz (1414–1418). Shocraigh an Chomhairle go n-éireodh Gregory XII agus Eoin XXIII as, chuir sí an Frithphápa nua in Avignon, Beinidict XIII, faoi choinnealbhá, agus thogh sí Máirtín V mar an Pápa nua, le bheith i gceannas ar an Eaglais sa Róimh.
Uaireanta tugtar an Siosma Mór ar an scoilt, cé go n-úsáidtear an téarma seo níos minice ar an Siosma Mór a tharla sa bhliain 1054 idir an Suí Naofa sa Róimh agus Eaglais Cheartchreidmheach an Oirthir.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ “Western Schism”. britannica.com (December 2014).
- ↑ Johannes Fried (2015), "Chapter 7: The Long Century of Papal Schisms", in: The Great Middle Ages. Cambridge, Massachusetts: Harvard University Press. pp. 167–237.