Ar 29 Eanáir 1863, cuireadh cúpla céad de shliocht na treibhe Shoshone chun báis in Idaho, na Stáit Aontaithe. An ‘Bear River Massacre’ nó Sléacht Bear River a baisteadh ar an ár níos déanaí.[1][2]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtSléacht Bear River
Íomhá
Map
 42° 08′ 46″ N, 111° 54′ 51″ O / 42.1461°N,111.9142°W / 42.1461; -111.9142
Cineálcath Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deCogaí na nIndiach Meiriceánach Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana29 Eanáir 1863 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhAbhainn Bear, Utah Cuir in eagar ar Wikidata
TírStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh

Imeachtaí

cuir in eagar
Cuimhneachán

Thug Patrick Edward O’Connor, fear Chorca Dhuibhne, ordú dá shaighdiúirína Shoshone a chur chun báis in ionsaí a rinne an t-arm orthu. Maraíodh b'fhéidir 250 ar an lá sin. Dob é sin an sléacht ba mheasa a dhein arm Mheiriceá ar na Bundúchasaigh Mheiriceánacha in aon iarracht amháin.

Bhí an drochmhianach go smior sa Chonchúrach, is baolach. Ní hamháin gur ordaigh sé an sléacht míthrócaireach seo ar na Bundúchasaigh ach thug ordú gach aon duine acu a bhí os cionn an dá bhliain déag a mharú, gan taise gan trócaire, as sin amach.[1]

Patrick Edward O’Connor

Chuaigh cáil agus droch-cháil an tsléachta san i bhfad is i gcéin. Má chuaigh, thug ‘údaráis’ an airm ardú céime, Briogáidireghinearál, mar ghradam d’fhear Chorca Dhuibhne. Bhí cuntas air i nuachtán an New York Times ag an am.

Ach toisc gur le linn an Chogaidh Chathartha a tharla an t-ár agus go raibh go leor leor gníomhartha marfacha eile a’ titim amach gach aon tarna lá, rinneadh dearúd ar an uafás. Rinne lucht an Airm is an cine geal dearúd air, ach ní nach ionadh bhí an scéal beo i gcuimhne an phobail dúchais, na Shoshone. Coimeádadh scéal an uafáis beo sa phobal sin, mar d’imigh sé ó bhéal go béal is ó ghlúin go glúin.[1]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 1.2 Seosaimhín Ní Bheaglaoich (3 Deireadh Fómhair 2023). "An fear Gaeltachta a d’ordaigh an sléacht ba mheasa a dhein arm Mheiriceá ar na Bundúchasaigh Mheiriceánacha" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-10-05.
  2. Tá cur síos breá ar an scéal uile sa leabhar Glory Hunter: A Biography of Patrick Edward Connor, scríte ag Brigham D Madsen agus foilsithe ag Ollscoil Utah.