Sléacht Jallianwala Bagh
Tugtar Sléacht Jallianwala Bagh nó Sléacht Amritsar ar an eachtra a tharla san Jallianwala Bagh (páirc an phobail), i gcathair Amritsar sa Phunjab, an 13 Aibreán, 1919, nuair a scaoil Arm na Breataine, faoi cheannas an Briogáidire-Ghinearál Reginald Dyer, ar shlua daoine. idir páistí, fir agus mná. agus iad neamharmtha.
De réir foinsí oifigiúla an Raj Briotanach maraíodh 379. De réir foinsí neamhoifigiúla maraíodh níos mó ná 1000, agus goineadh níos mó ná 2000. Thug an Dr. Smyth (máinlia sibhialta) le fios go raibh 1,526 taismeach.
Lean tréanbhabhta lámhaigh ar feadh 10 nóiméad. Caitheadh - is cosúil - 1650 piléar amach, nó 33 piléar do gach saighdiúir, de réir fhigiúirí an rialtais[1].
Bhí Dyer oilte i gCorcaigh mar oifigeach airm. Bhí an leifteanantghobharnóir sa Phuinseaib ag an am, Michael O'Dwyer, as Baile an Bharúin, Tiobraid Árann.
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ Nigel Collett (15/10/2006). "The Butcher of Amritsar: General Reginald Dyer" A&C Black. p. 262. ISBN 978-1-85285-575-8.