Sléacht Shiúlán Bhaitsiléir

Ar an 26 Iúil 1914, maraíodh triúr sibhialtach in achrann idir trúpaí an rialtais agus slua a bhí tar éis bailiú le chéile ar Shiúlán Bhaitsiléir, i mBaile Átha Cliath.[1]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtSléacht Shiúlán Bhaitsiléir
Map
 53°20′50″N 6°15′40″W / 53.3471°N 6.2612°W / 53.3471; -6.2612
Cineáleirleach Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid detabhairt i dtír na ngunnaí i mBinn Éadair Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana26 Iúil 1914 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhBaile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna4 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe30 Cuir in eagar ar Wikidata
Déantóir na coireKing's Own Scottish Borderers (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata


Siúlán Bhaitsiléir inniu

Cúlra cuir in eagar

Idir an 3 Iúil agus an 26 Iúil 1914, seoladh bád seoil, an tAscar, ón mBreatain Bheag chun airm a bhailiú sa Ghearmáin. Tháinig an bád beag i dtír i mBinn Éadair ar 26 Iúil, timpeall 1pm. D'éirigh Óglaigh na hÉireann an lastas a choinneáil slán in ainneoin póilíní agus Arm na Breataine a bheith ag faire orthu (fuair siad 19 raidhfil i ndeireadh an lae).[2]

Níos deireanaí sa lá, timpeall 4pm, rinne trúpaí Briotanacha ón reisimint na King’s Own Scottish Borderers iarracht cuid den lastas a ghabháil i mBinn Éadair, ach níor éirigh leo.

 
Sráid Sackville, Cé Eden agus Siúlán Bhaitsiléir sa bhliain 1897

Imeachtaí cuir in eagar

D’fhill na Borders go lár na cathrach. Agus iad ag filleadh ar ais go dtí a mbeairicí, tháinig cuid de na saighdiúirí trí Shiúlán Bhaitsiléir. Bhris ciréib amach timpeall 6pm.[3]

Bhí an slua ag déanamh ceap magaidh de na saighdiúirí faoin tslí ar dteip orthu ina n-iarracht na hairm a urghabháil. Thosaigh an slua ag caitheamh cloch srl agus gortaíodh cuid de na saighdiúirí Briotanacha.

Timpeall 7pm, scaoil gasra de na Scottish Borderers faoi shlua a bhí ag fonóid orthu.[4] Maraíodh triúr ar an toirt – Mrs Duffy, James Brennan agus Patrick Quinn – agus gortaíodh ocht nduine is tríocha. Fuair fear amháin bás níos déanaí ó chréachtaí a fuair sé ó bheaignit.

Iarmhairtí cuir in eagar

Bhí uafás agus alltacht ar an bpobal ar fud na hÉireann mar gheall ar an eachtra sin agus na daoine a maraíodh nó a gortaíodh ann.[5]

I gcoimisiún fiosrúchán a thionóladh ina dhiaidh, cáineadh an cinneadh a rinneadh go ngairfí an t-arm amach.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Ard-Mhúsaem na hÉireann. "1914: Amlíne Eachtraí" (ga). National Museum of Ireland. Dáta rochtana: 2020-07-26.
  2. centenaries.ucd.ie (COBAC) (2016). "DEICH mBLIANA na gCUIMHNEACHÁN". Dáta rochtana: 2020.
  3. Turtle Bunbury. "DEATH ON BACHELOR’S WALK". www.turtlebunbury.com. Dáta rochtana: 2020-07-26.
  4. "decade of centenaries". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-07-26.
  5. Irish Independent, 29 July 1914