Sophie in 't Veld

polaiteoir Ísiltíreach

Is polaiteoir Ollannach de chuid páirtí na nDaonlathaithe 66 í Sophia Helena in 't Veld (a rugadh ar 13 Meán Fómhair 1963). Toghadh í mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa sa bhliain 2004, agus atoghadh í in 2009, 2014 agus 2019. Bhí sí mar phríomh-iarrthóir a páirtí do na trí thoghchán agus tá sí ina ceannaire i bParlaimint na hEorpa ón gcéad toghchán í.

Infotaula de personaSophie in 't Veld

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith13 Meán Fómhair 1963
60 bliana d'aois
Vollenhove, An Ísiltír Cuir in eagar ar Wikidata
Feisire de Pharlaimint na hEorpa
Ina hionadaí do: Daonlathaithe 66

2 Iúil 2019 –
Téarma parlaiminte: Naoú Parlaimint na hEorpa

Toghcheantar: An Ísiltír

Feisire de Pharlaimint na hEorpa
Ina hionadaí do: Daonlathaithe 66

1 Iúil 2014 –
Téarma parlaiminte: Ochtú Parlaimint na hEorpa

Toghcheantar: An Ísiltír

Feisire de Pharlaimint na hEorpa
Ina hionadaí do: Daonlathaithe 66

14 Iúil 2009 – 30 Meitheamh 2014
Téarma parlaiminte: Seachtú Parlaimint na hEorpa

Toghcheantar: An Ísiltír

Feisire de Pharlaimint na hEorpa
Ina hionadaí do: Daonlathaithe 66

20 Iúil 2004 – 13 Iúil 2009
Téarma parlaiminte: Séú Parlaimint na hEorpa

Toghcheantar: An Ísiltír

Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn tAindiachas
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Leiden Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheAn Bhruiséil
Overijssel
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Strasbourg
An Bhruiséil Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaVolt Europa (en) Aistrigh (2023–)
Daonlathaithe 66 (1993–2023) Cuir in eagar ar Wikidata
GluaiseachtAn tAindiachas
TeangachaAn Ollainnis
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinsophieintveld.nl Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm2941441 Facebook: sophieintveld Twitter: SophieintVeld Mastodon: sophieintveld@eupolicy.social Instagram: sophie.intveld Cuir in eagar ar Wikidata

Tús a shaoil agus oideachas cuir in eagar

Rugadh Sophia Helena in 't Veld ar an 13 Meán Fómhair 1963 i Vollenhove, an Ísiltír .

Ó 1982 go 1991, rinne sí staidéar ar an stair ag Ollscoil Leiden. Tar éis di céim mháistreachta a bhaint amach i staidéar na meánaoise, d’oibrigh sí mar shaoraistritheoir sa Fhraincis, sa Bhéarla agus san Iodáilis, ansin mar oiliúnaí sa rannóg gnóthaí eacnamaíocha i gcathair na hÍsiltíre, Gouda.[1]

Gairmréim cuir in eagar

D'fhostaigh Johanna Boogerd-Quaak, a bhí ina FPE D66 ag an am, In 't Veld mar chúntóir i 1994.[2] Ó 1996 go 2004, bhí sí ina rúnaí ginearálta ar an nGhrúpa Chomhghuaillíocht na Liobrálach agus na nDaonlathaithe le haghaidh na hEorpa, i gCoiste na Réigiún (CLDE).

Feisire de Pharlaimint na hEorpa, 2004–san am i láthair cuir in eagar

Tá In ’t Veld ina Fheisire de Pharlaimint na hEorpa ó bhí toghcháin na hEorpa ann, sa bhliain 2004, ar son na nDaonlathaithe 66 mar chuid de ghrúpa parlaiminte 'Comhghuaillíocht na Liobrálach agus na nDaonlathaithe le haghaidh na hEorpa'. Nuair a toghadh í i 2004 ba í an t-aon Fheisire D66 í go dtí 2009.[3]

Idir 2004 agus 2009, d’fhóin In ’t Veld ar an gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta. Ó 2009 go 2014, bhí sí ina comhalta den 'Choiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne'. Ó 2009 i leith, tá sí ina comhalta den 'Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile'; idir 2009 agus 2014, bhí sí ina leaschathaoirleach ar an gcoiste. Laistigh den Choiste, tá sí ina cathaoirleach ar 'an nGrúpa Monatóireachta ar Shaoirsí Sibhialta ó 2018.[4]

Naisc sheachtracha cuir in eagar

  • "‘Totally dysfunctional’: Sophie in ‘t Veld on the EU’s relationship with democracy"[2]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Constant Brand (September 15, 2010), Liberal crusader European Voice.
  2. Constant Brand (September 15, 2010), Liberal crusader European Voice.
  3. Constant Brand (September 15, 2010), Liberal crusader European Voice.
  4. "Rule of law: Civil Liberties MEPs to report on corruption and press freedom"[1]