Spéirling Harvey, 2017

(Athsheolta ó Spéirling Harvey)

Stoirm ghaoithe a bhuail deisceart Stáit Aontaithe Mheiriceá ar 2 Meán Fómhair, 2017 ab ea Spéirling Harvey. Cumadh Spéirling Harvey ar an 17 Lúnasa mar an ochtú stoirm de Shéasúr na hairicíní an tAtlantach 2017.[1]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtSpéirling Harvey, 2017
Hairicín catagóir 4 (SSHWS/NWS) Cuir in eagar ar Wikidata
Íomhá
Imchuach aigéinan tAigéan Atlantach Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deséasúr na hairicíní an tAtlantach 2017 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse17 Lúnasa 2017 - 
Hurricane Gert (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
TírStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Is cúis leHurricane Harvey floods (en) Aistrigh
Effects of Hurricane Harvey in Texas (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gaotha marthanacha uasta130 mph Cuir in eagar ar Wikidata
Brú atmaisféarach is ísle937 mbar Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna107 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe100 Cuir in eagar ar Wikidata
Meán cumarsáide
Haischlib#HurricaneHarvey Cuir in eagar ar Wikidata

Ba é Harvey an tríú spéirling den séasúr.

déine na báistí

Damáistí substaintiúla

cuir in eagar

Fuair 107 bás mar thoradh uirthi. Rinneadh damáiste ábhartha ollmhór do Texas. Bhí tithe faoi uisce, agus troscán agus nithe eile carntha ar fud na háite. Bhí teach ag fear as Cor na Rón, Indreabhán scriosta don tríú huair, de bharr na spéirlinge. Dúirt Pat Jimmy Pháidín Ó Coincheanainn nach raibh sé i gceist aige an teach a thógáil arís. Dúirt sé go ngoilleann sé go mór ar dhuine, nuair a dhéantar scrios den chineál seo ar mhaoin pearsanta.[2]

Rockport, Texas, 28 Lún 2017

Cailleadh nach mór 1 milliún carr agus feithicil eile; scriosadh 500k+ in Houston b'fhéidir.[3] Bhí feithiclí sáinnithe sa tuile agus iompaíodh feithiclí eile bunoscionn sa stoirm. Bhí na mangairí dramh-mhiotail agus na déantóirí gluaisteán sásta ar aon nós. Bhí árachas in aghaidh tuile ag go leor daoine.agus chlúdaigh an t-árachas na damáistí. Bhí na feithiclí go léir díscríofa ag lucht an árachais.

Thaistil ball de Chonradh na Gaeilge os cionn 5,000km le teacht i gcabhair ar mhuintir Texas a fágadh ar an trá fholamh.[4] Bhí an trucail lán páipéar leithris, cuilnimh, clúidíní linbh, agus ábhar eile a chabhródh leis na teaghlaigh a fágadh gan dídean nó ar anchaoi i ndiaidh na stoirme.

Thiomáin Ed Shevlin agus Leslie Mahoney i Nua-Eabhrac ar feadh 96 uair an chloig chun trucail lán earraí a thabhairt ó dheas go muintir Texas cúpla seachtain níos déanaí. Ceithre lá a bhí Shevlin agus Mahoney ar an mbóthar, ó dheas agus aneas, agus turas 5,046km a bhí i gceist. Bhí siad féin i gcruachás nuair a réab an spéirling Sandy a mbaile féin, Rockaway sa bhliain 2012.[4]

Féach freisin

cuir in eagar


  1. RnaG (2017). "Danny Ó Flatharta, Jasper, Texas." (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2023-08-25.
  2. RnaG (2017-09-06). "Nuacht an Iarthair: Cruinniú faoi chónascadh" (as ga-IE). 
  3. Nathan Bomey and Aamer Madhani. "Harvey may have wrecked up to 1M cars and trucks" (en-US). USA TODAY. Dáta rochtana: 2023-08-25.
  4. 4.0 4.1 Maitiú Ó Coimín (2 Deireadh Fómhair 2017). "Turas fóirithinte 5,000km ó Nua-Eabhrac go Texas déanta ag fear Chonradh na Gaeilge" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-08-25.