Spéirling Ida (2021)
Bhuail Spéirling Ida na Stáit Aontaithe idir 29 Lúnasa - 2 Meán Fómhair 2021. Maraíodh 61 (agus 7 go hindíreach), an chuid is mó i Sasana Nua, nuair a bhí 'Stoirm Thrópaiceach' Ida (ar an 1/2 2 Meán Fómhair) ag fágáil a loirg ar oirthuaisceart na Stát Aonaithe. Rinneadh luach $50 billiún de dhamáiste.[1]
Hairicín catagóir 4 () | |
Imchuach aigéin | an tAigéan Atlantach agus Murascaill Mheicsiceo |
---|---|
Cuid de | 2021 Atlantic hurricane season (en) |
Tréimhse | 26 Lúnasa - 1 Meán Fómhair 2021 |
Tír | Iamáice, Cúba agus Stáit Aontaithe Mheiriceá |
Gaotha marthanacha uasta | 130 kn |
Brú atmaisféarach is ísle | 929 hPa |
Nua-Eabhrac
cuir in eagarTuairiscítear gur thit ocht gceintiméadar fearthainne in imeacht uair an chloig in Central Park i gcroílár Manhattan, an méid is mó a taifeadadh ansin riamh.[2]
Maraíodh daoine i Nua-Eabhrac de bharr maidhmeanna tuile. Bhí codanna de chathair agus de stát Nua-Eabhrac araon faoi uisce tar éis don bháisteach titim ina tulcaí i ngiorracht aimsire. B'iad buirgí Brooklyn agus Queens is measa a buaileadh sa chathair agus bhí bóithre i Manhattan dúnta. Bhí stáisiúin traenach faoi thalamh líonta le huisce.
Bhí staid éigeandála fógartha ag Méara agus Gobharnóir Nua-Eabhrac, Bill de Blasio agus Kathy Hochul, i bhfianaise na greadlaí a bhí déanta ag an stoirm ar an réigiún. Bhí staid éigeandála fógartha fógartha freisin ag an ngobharnóir Phil Murphy i Nua-Gheirsí .
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "Hurricane Ida" (as en) (2021-09-04). Wikipedia.
- ↑ Nuacht RTÉ (2021-09-02). "Nua-Eabhrac ar maos, ní taise do Nua-Gheirsí é" (as ga).