Sa réaltfhisic, is éard is spaigitíúchán ann ná an síneadh ingearach agus comhbhrú cothrománach a tharlaíonn i réimse imtharraingteach an-láidir neamh-aonchineálach. Cuireann sé rudaí i gcruth fada tanaí, cosúil le spaigití. Fórsaí taoide láidre is cúis leis. Sna cásanna is láidre, mar shampla i ngar do dhúpholl, tá an síneadh agus an comhbhrú chomh cumhachtach sin nach féidir le haon rud cur ina gcoinne. Laistigh de réigiún beag, cothromaíonn an comhbhrú cothrománach leis an síneadh ingearach sa chaoi nach n-athraíonn toirt an ruda atá á spaigitíú.

Spásaire ag titim isteach i ndúpholl a léiríonn an spaigitíúchán

Rinne Stephen Hawking cur síos ar spásaire ficseanúil ag dul thar léaslíne theagmhais dúphoill atá “sínte cosúil le spaigití” ag an ngrádán imtharraingteach (an difríocht san fhórsa imtharraingteach) idir baithis agus bonn.[1] Is é an chúis a tharlaíonn sé seo ná go mbeadh an fórsa imtharraingthe a chuireann an tsingilteacht i bhfeidhm i bhfad níos láidre ag ceann amháin den chorp ná ag an gceann eile. Dá dtitfeadh duine isteach i ndúpholl in aghaidh na gcos, bheadh an fórsa imtharraingteach ag a chosa i bhfad níos láidre ná ag a cheann, rud a shínfeadh an duine go hingearach. Chomh maith leis sin, tharraingeofaí taobh deas an choirp ar chlé, agus tharraingeofaí taobh clé an choirp ar dheis, ag comhbhrú an duine go cothrománach.[2]

Úsáideadh an téarma “spaghettification” i mBéarla i bhfad roimhe seo, chomh fada siar le 1977.[3] Gabhadh pictiúr den spaigitíúchán den chéad uair in 2018, nuair a bhreathnaigh taighdeoirí ar phéire réaltraí ag imbhualadh a chéile thart ar 150 milliún solasbhliain ón domhan.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hawking (1988). "A Brief History of Time": 256. Bantam Dell Publishing Group. 
  2. "Astronomy" (2016): 862. OpenStax. 
  3. Calder (1977). "The Key to the Universe: A Report on the New Physics". Viking Press. Dáta rochtana: July 10, 2022.  Published as a companion to the BBC TV documentary The Key to the Universe.