Is éard atá sa réaltfhisic an chraobh den réalteolaíocht a phléann le fisic na cruinne. Déantar staidéar ar fhisic is ceimic na reanna spéire, go mór mór trí bhíthin na speictriméadrachta a ligeann dúinn comhdhéanamh na reann a dhéanamh amach.[1] Ar na rudaí a scrúdaítear tá airíonna fisiciúla agus ceimiceacha, bunús na reann réalteolaíocha agus a n-éabhlóid siúd.[2] Déantar staidéar ar réaltraí, ar réaltaí, ar phláinéid, ar phláinéid eachtarghréine, ar an meán idir-réaltach agus ar an gcúlra cosmach micreathonnach.[3][4] Déantar a gcuid astúchán a scrúdú ar feadh an speictrim leictreamaighnéadaigh agus aird á tabhairt ar lonrachas, ar dhlús, ar chomhshuíomh ceimiceach agus ar theocht.

Tá a lán cineálacha fisice ann: meicnic, leictreamaighnéadas, meicnic staitistiúil, teirmidinimic, meicnic chandamach, teoiric na coibhneasachta, fisic núicléach, fisic cháithníní, fisic adamhach agus mhóilíneach.

Tá tábhacht le fisic theoiriciúil agus bhreathnaitheach. Ar na rudaí atá le socrú fós tá airíonna an ábhair dhorcha, an fhuinnimh dhorcha agus na ndúpholl, agus táthar ag iarraidh a fháil amach an féidir taisteal ama a dhéanamh, an féidir le poill phéiste a bheith ann, cén bunús atá leis an gcruinne agus céard tá i ndán di.[5]

Ar na rudaí eile a ndéanann réaltfhisiceoirí staidéar orthu tá cruthú agus éabhlóid an ghrianchórais, dinimic réaltach agus éabhlóid réaltach, cruthú agus éabhlóid na réaltraí, maighnéadai-hidridinimic, comhdhéanamh mórscála an ábhair sa chruinne, bunús na ngathana cosmacha, coibhneasacht ghinearálta agus cosmeolaíocht fhisiciúil. Tá baint aici siúd le teoiric na dteaghrán agus fisic réaltcháithníní.

NGC 4414, gnáthréaltra bíseach i réaltbhuíon Coma Berenices. Tá sí thart ar 56,000 solasbhliain trasna agus thart ar 60 milliún solasbhliain i gcéin.

Réaltfhisic bhreathnaitheach cuir in eagar

Déanann an réaltfhisic bhreathnaitheach sonraí a thaifeadadh (murab ionann is an réaltfhisic threoiriciúil, disclipín a phléann lena bhfuil le tomhas i mionsamhlacha fisiciúla). Baintear feidhm as teileascóip agus as trealamh eile. Déantar an chuid is mó den ghrinniú tríd an speictream leictreamaighnéadach.

  • Déanann an réalteolaíocht raidió staidéar ar radaíocht a bhfuil a thonnfhad níos mó ná cúpla milliméadar. I measc na réimsí staidéir úd tá tonnta raidió atá á n-astú ag rudaí fuara, leithéidí gás idir-réaltach agus scamaill deannaigh; an radaíocht chúlrach mhicreathonnach chosmach arb í an solas deargaistrithe a tháinig ón Ollphléasc í; agus pulsáir.
  • Déanann an réalteolaíocht infridhearg staidéar ar radaíocht a bhfuil tonnfhad aici atá rófhada chun go bhfeicfeadh an tsúil é ach atá níos giorra ná tonnta raidió. De ghnáth déantar grinniú infridhearg le teileascóip atá dealraitheach le teileascóip optúla. Oireann grinniú den sórt seo do reanna atá níos fuaire ná réaltaí.
  • Chun réalteolaíocht optach a dhéanamh is gnách teileascóip a úsáid a bhfuil gléas luchtchúpláilte nó speictreascóp ag gabháil leo. Úsáidtear optaic oiriúnaitheach agus teileascóip spáis chun na híomhánna is soiléire a fháil, mar cuireann atmaisféar an Domhain isteach ar an mbreathnú. Is furasta réaltaí a fheiceáil sa raon minicíochtaí seo agus tá a lán speictream ceimiceach ann a léiríonn comhshuíomh na réaltaí, na réaltraí agus na réaltnéalta.
  • Déanann an réalteolaíocht ultraivialait, x-ghathach agus gáma-ghathach staidéar ar reanna ardfhuinneamhacha. Orthu sin tá déphulsáir, dúphoill, maighdéadáir agus a lán eile. Ní gan dua a théann na cineálacha radaíochta seo tríd an atmaisféar, agus baintear feidhm as teileascóip spáis agus as teileascóip íomháithe aeir Cherenkov.

Réaltfhisic theoiriciúil cuir in eagar

Tá a lán uirlisí ag réaltfhisiceoirí teoiriciúla. Orthu sin tá mionsamhlacha anailíseacha (matamaiticiúla) ar nós polatróp (chun aithris a dhéanamh ar iompar réalta) agus ionsamhlúcháin ríomhaireachtúla uimhriúla. Tríd is tríd, is fearr mionsamhlacha anailíseacha a úsáid chun léargas a fháil ar bhunoibriú feiniméin. Tig le ionsamhlúcháin uimhriúla feiniméin agus iarmhairtí a léiriú.[6]

Déanann teoiricithe iarracht ar thorthaí breathnaitheacha mionsamhlacha teoiriciúla a oibriú amach. Cuirtear sonraí nua san áireamh, agus má tá difríochtaí idir na sonraí agus an mionsamhail is gnách an t-athrú is lú a dhéanamh ar an mionsamhail ar mhaithe le réiteach. D’fhéadfaí an mhionsamhail a chaitheamh i gcártaí dá mbeadh an iomarca sonraí neamhréireacha ann.

Is féidir coibhneasacht réaltfhisiciúil a úsáid chun airíonna ollstruchtúr a bhfuil dlúthbhaint ag an domhantarraingt lena gcuid feiniméan fisiciúil a thomhas. Ina theannta sin, scrúdaítear feidhmiú na domhantarraingte sna dúphoill agus sna tonnta domhantarraingthe.

Stair cuir in eagar

Sa bhliain 1848, den chéad uair, thug an fisiceoir Francach Hippolyte Fizeau cuntas ar aistriú na línte speictreacha i réalta mar léiriú ar iarmhairt Doppler. Uaireanta tugtar “iarmhairt Doppler-Fizeau” uirthi dá bharr. Sa bhliain 1868 bhí an réalteolaí Briotanach William Huggins ar an gcéad duine a bhain feidhm aisti chun luas réalta a bhí ag gluaiseacht amach ón Domhan a dhéanamh amach.[7]

Sa bhliain 1871 cinntíodh an deagaistriú optúil nuair a chonacthas é i línte Fraunhofer agus rothlú gréine á úsáid.[8]

Fuair Vesto Slipher amach de bharr breathnuithe a thosaigh sa bhliain 1912 go raibh deargaistriú mór ag baint leis an gcuid is mó de na réaltbhuíonta bíseacha.[9]

Speictrim cuir in eagar

Chun an deargaistriú a aimsiú, caithfear dul ar lorg línte ionsúcháin, línte astúcháin nó comhathruithe eile i ndlús an tsolais. Is féidir iad seo a chur i gcomparáid lena leithéidí i speictream na gcomhdhúl sa Domhan féin. Tá speictream ag baint le solas a ghluaiseann trí hidrigin agus eatraimh rialta le feiceáil ann. Má tá na heatraimh chéanna le feiceáil i dtonnfhaid aistrithe i speictream ó chianfhoinse, is féidir a rá ar an dóigh chéanna go bhfuil hidrigin i láthair.

Caithfidh an breathnaitheoir eolas a bheith aige ar an tonnfhad a thomhaisfeadh breathnaitheoir a bhí in aice na foinse agus ag gluaiseacht in éineacht léi.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Réaltfhisic". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 554.
  2. Collins Australian Dictionary (2007). Glasgow: Collins. ISBN 978-0-73-228656-9. ”Astrophysics.”
  3. http://science.nasa.gov/astrophysics/focus-areas/
  4. http://www.britannica.com/EBchecked/topic/40047/astronomy
  5. http://science.nasa.gov/astrophysics/focus-areas/
  6. Eddington, A.S. (1926. 1988): Internal Constitution of the Stars, New York: Cambridge University Press. ISBN 0-521-33708-9.
  7. Huggins, William (1868). ‘Further Observations on the Spectra of Some of the Stars and Nebulae, with an Attempt to Determine Therefrom Whether These Bodies are Moving towards or from the Earth, Also Observations on the Spectra of the Sun and of Comet II,’ Philosophical Transactions of the Royal Society of London, Vol. 158, lgh 529–564
  8. Reber, G. (1995). ‘Intergalactic Plasma,’ Astrophysics and Space Science, Vol. 227, Issue 1–2, lgh 93–96.
  9. Slipher, Vesto (1912). ‘The radial velocity of the Andromeda Nebula,’ Lowell Observatory Bulletin, Volume 1, lgh 2.56–2.57.

Naisc sheachtracha cuir in eagar