Fine de dhamháin alla is ea na Sparassidae a dtugtar “damháin seilge” orthu go minic. Tá toirt measartha mór iontu, agus tá siad le fáil i gcuid mhaith den Astraláise, san Afraic, san Áise, i Meiriceá Thuaidh agus Theas agus timpeall na Meánmhara.[1]

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoSparassidae Cuir in eagar ar Wikidata

Palystes castaneus Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtHolozoa
RíochtAnimalia
FíleamArthropoda
AicmeArachnida
OrdAraneae
FineSparassidae Cuir in eagar ar Wikidata
Bertkau, 1872
Léarscáil de raon an tacsóin
lang= Cuir in eagar ar Wikidata

De gháth tá droim an damháin alla seo donn nó liath, ach tá comharthaí dubha agus bána ar an taobh thíos de mhórán spéiceas, agus baill rua ar áit an bhéil. Tá clúmh orthu, cé go bhfuil slata ar a gcosa. Tá ocht súile acu agus iad ina dhá shraith de cheathrar. Tá radharc a súl measartha maith agus is féidir leo daoine agus ainmhithe móra a fheiceáil tamall uathu.

Damhán seilge ag ithe ciaróige
Damhán seilge thíos faoi chearchall in Victoria san Astráil

Feithidí agus inveirteabraigh is mó a itheann siad, agus scincí nó geiceonna ó am go chéile. Bíonn siad ina gcónaí i ngága i rúsc ach is minic le fáil i dtithe agus i bhfeithiclí iad. Is maith leo cónaí faoi rúsc agus charraigeacha, agus is minic a bhuailtear leo i seideanna agus in áiteana ciúine eile dá leithéid.

Tá siad gasta ar a gcosa, agus is minic a thugann siad léim agus iad ag rith. Imíonn siad ar bhallaí agus ar an tsíleáil, agus tá luí acu le greamú duit má thógtar iad, i dtreo gur dócha go mbainfidh siad greim asat agus tú ag iarraidh iad a chroitheadh díot.

Is mór an difríocht atá idir saic uibheacha na ngéineas difriúil. Is gnách le Palystes na saic a fhágáil ar crochadh i dtoir agus iad a theanntú le duilleoga.

 
Sac a bhaineann le Palystes castaneus.

B’fhéidir go n-úsáidfí blúirí páipéir mar theanntú istigh i dteach.

 
Ál Sparassidae ag briseadh amach as na huibheacha.

Fágann Pseudomicrommata an sac amuigh san fhéar (Eragrostis), agus tugann speicis éigin an sac leo ina mbéal. Cosnaíonn na damháin bhaininscneacha a n-ál go fíochmhar.

Déanann damháin fhirinscneacha de Heteropoda venatoria, spéiceas atá le fáil timpeall an domhain, fuaim shubstráiteach nuair a aimsíonn siad faramóin atá fágtha ag damhán baininscineach den spéiceas céanna. Baineann na damháin fhirinscneacha tairbhe as a gcosa chun creathanna a sheoladh chun an dromchla a bhfuil siad. Tagann an chuid is mó den fhuaim as creathanna tréana an bhoilg.[2]

Baineann Sparassidae úsáid as nimh chun a gcreach a dhíluailiú agus cuidiú le bia a dhíleá. Uaireanta baineann siad greim as duine á gcosaint féin, ach meastar nach mór an chontúirt iad do dhaoine folláine.[3] Rinneadh taighde ar ionsaithe damháin alla san Astráil, agus aird ar leith á tabhairt ar Sparassidae, ach ní bhfuarthas airíonna a bhí an-dian nó neamhchoitianta.

  1. Geoffrey K. Isbister & David Hirst (2003). ‘A prospective study of definite bites by spiders of the family Sparassidae (huntsmen spiders) with identification to species level,’ Toxicon, Volume 42, Issue 2, lgh 163–171: pmid=12906887 |doi=10.1016/S0041-0101(03)00129-6}}
  2. Jerome S. Rovner (1980). ‘Vibration in Heteropoda venatoria (Sparassidae): a third method of sound production in spiders,’ Journal of Arachnology, Volume 8, Issue 2, lgh 193–200 |url=http://www.americanarachnology.org/JoA_free/JoA_v8_n2/JoA_v8_p193_grey.pdf Curtha i gcartlann 2008-12-21 ar an Wayback Machine |format=PDF}}
  3. Skaife, S. H. (1963). A Naturalist Remembers. Longmans South Africa.

Naisc sheachtracha

cuir in eagar