An difríocht idir athruithe ar: "George Orwell"

Content deleted Content added
m botún litrithe
m gramadach
chlib amháin: Reverted
Líne 93:
=== ''Animal Farm'' agus an chinsireacht ===
 
Sa bhliain 1944, chuaigh Orwell ar lorg foilsitheora don ''Animal Farm''. Is é an cineál leabhar atá ann ná fabhalscéal faoi réabhlóid na Rúise ina gcaitheann ainmhithe na feirme an feirmeoir amach le cothrom na Féinne a chur ar bun ar an bhfeirm idir cineálacha éagsúla d'ainmhithe. De réir a chéile, áfach, téann na muca i gceannas ar an réabhlóid seo, agus iad ag fáil "cuid níos mó de chothrom na Féinne" ná na beithígh eile. Sa deireadh thiar, ní féidir na muca a aithint thar na feirmeoirí eile, ar daoinedhaoine iad.
 
Fuair Orwell deacair an leabhar a fhoilsiú. Bhí na tithe foilsitheoireachta an-doicheallach roimh leabhar frith-Shóivéadach, agus chuir a sheanfhoilsitheoir Victor Gollancz ó dhoras é. Bhí an fháilte chomh fuar céanna roimhe ag Nicholson & Watson, ach sa deireadh, ghlac Jonathan Cape leis an úrscéal. Faoin am seo, bhain eachtra barrúil d'Orwell. Bhí sé tar éis aiste—''Benefit of Clergy''<ref>{{Lua idirlín |url=http://whitewolf.newcastle.edu.au/words/authors/O/OrwellGeorge/essay/CriticalEssays/salvadordali.html |teideal=Cóip cartlainne |dátarochtana=2006-02-05 |archivedate=2008-05-21 |archiveurl=https://web.archive.org/web/20080521092041/http://whitewolf.newcastle.edu.au/words/authors/O/OrwellGeorge/essay/CriticalEssays/salvadordali.html }}</ref> —a scríobh faoi shaothar an ealaíontóra osréalaígh ón Spáinn, [[Salvador Dalí]]. San aiste, chosain sé an chinsireacht ar bhealach nach samhlófá leis an bhfear a scríobh ''Nineteen Eighty-Four''. Agus é ag déanamh a staidéir ar ealaíontóireacht Dalí, a d'admhaigh sé, bhí sé in ann a thuiscint go bhféadfadh saothar maith ealaíne dul an oiread sin chun dochair agus go gcaithfí an saothar sin a scrios nó a choinneáil ar shiúl ón saol mór: