An difríocht idir athruithe ar: "San Mairíne"

Content deleted Content added
m litriú neamhchaighdeánach
m gramadach
chlib amháin: Reverted
Líne 72:
Thug an Stát Pápach, faoi Nioclás IV, aitheantas don Phoblacht sa bhliain [[1291]]. Nascadh caisleán Chiesanuova leis sa bhliain [[1320]]. Sa bhliain 1351, tar éis d’easpag San Leo é a scaoileadh óna dhualgais fheodacha, rinneadh dúiche neamhspleách den Phoblacht.
 
Ní raibh sa Phoblacht ach Monte Titano go dtí an bhliain [[1463]], nuair a bhí ina ballbhall den chomhcheangal a rug bua ar [[Sigismundo Pandolfo Malatesta]], tiarna Rimini. Mar chúiteamh thug an Pápa Pius II Fiorentino, Montegiardino agus Serravalle di. An bhliain chéanna d’iarr Montefeltro go ngabhfaí é isteach sa Phoblacht, agus níor leathadh na teorainneacha ina dhiaidh sin.
 
Bhí an stát á rialú ag an Arengo, comhdháil na gcinn fine, ón mbliain [[1000]] amach, ach ní raibh a leithéid de shocrú oiriúnach agus an stát ag méadú. Sa 13ú haois bunaíodh tionóil pholaitiúla, Comhairle an Chaogad agus Comhairle an Trí Dhuine Dhéag, agus sa bhliain 1243 tháinig ‘Captaein an Stáit’ (''Capitani Reggenti'') i réim, fir ar thogh an tArengo iad agus a raibh cumhacht fheidhmeannach agus dlí acu. Ritheadh na chéad dlíthe sa bhliain [[1263]]. Sa 15ú haois bunaíodh an Ard-Chomhairle Mhór (''Consiglio Grande e Generale''), tionól a raibh seasca ball den Arengo ann. Ach de réir a chéile ghlac na forais nua an chuid ba mhó dá chúraimí ón Arengo, agus cé nár cuireadh é siúd ar ceal riamh, bhí sé chomh lag sin gur ar éigean a tionóladh arís é ón mbliain [[1571]] amach.
Líne 124:
Sna seascaidí agus sna seachtóidí tugadh aitheantas do roinnt cearta sibhialta, ceart vótála na mban san áireamh (1960). D'fhan comhrialtais den eite chlé i réim, cé go ndeachaigh na Daonlathaigh Chríostaí i gcomhar leis na Cumannaigh sa bhliain 1988. Níor tháinig aon athrú mór ar an gclaonadh clé, áfach, rud ba léir chomh déanach le toghcháin na bliana 2006, nuair a tháinig comhrialtas meánchlé i dtreis.
 
Bhí an Phoblacht ag fáil aitheantas idirnáisiúnta i gcónaí, agus nasc taidhleoireachta á dhéanamh aici le mórán tíortha. Tá sí ina ballbhall de Chomhairle na hEorpa ón mbliain 1988 i leith, agus ghlac sí an Uachtaránacht sa bhliain 1990. Tá sí ina ballbhall de na Náisiúin Aontaithe ón mbliain 1992 i leith.
 
== Tagairtí ==