An difríocht idir athruithe ar: "Dave Duggan"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
Is úrscéalaí agus drámadóir [[Éireannach]] é '''Dave Duggan''', a chónaíonn i n[[Doire]] agus a rugadh i [[Londain]] sa bhliain [[1955]]. Cuireadh a shaothair amharclainne ar stáitse in Éirinn, [[Dún Éideann]], [[Learpholl]], [[Nua-Eabhrac]] agus san [[Afganastáin]]. An dráma is déanaí uaidh ná Chezzie's Chance (Blue Eagle Productions, 2018), tá [[snagcheol]] ann, agus bhí an-rath air i léiriú ag Féile Snagcheoil Dhoire. Scríobh sé an dráma Gruagairí (2007), a bhuaigh gradam ón Stewart Parker Trust, agus [[Makaronik]] (2014) don chompántas amharclannaíochta Gaeilge [[Aisling Ghéar]]. D'fhoilsigh [[Cló Iar-Chonnacht]] leagan úrscéil deden dráma [[ficsean eolaíochta]] ''Makaronik'' sa bhliain [[2018]].
 
I measc a shaothair don scáileán tá Dance Lexie Dance (Raw Nerve Productions, 1996), a fuair ainmniúchán do na h[[Oscars]]. Is é A Sudden Sun (Guildhall Press, 2012) an dara húrscéal uaidh agus is é Related Lives: An Imagined Memoir (Guildhall Press, 2016) an leabhar is déanaí uaidh. Tá blag aige ag breathingwithalimp.blogspot.com agus tá breis eolais ar a shaothar ag www.facebook.com/DaveDugganWriter