An difríocht idir athruithe ar: "An Frith-Dhomhan"

Content deleted Content added
No edit summary
mNo edit summary
Líne 1:
[[File:Antichthon.svg|thumb|Chreid Philólaos go raibh “Frith-Domhan” (''Antichthon'') ag gluaiseacht ar fithis thart ar an “Tine Láir”, agus nach raibh ceachtar acu le feiceáil ón Domhan. Léiríonn an léaráid uachtarach an Domhan san oíche agus léiríonn an ceann íochtarach an Domhan sa ló.]]Is éard atá i gceist leis an bh'''Frith-Dhomhan''' nó ''Antichthon'' ná pláinéad samhailteach atá ag dul timpeall na Gréine ar an taobh eile den Ghrian, ionas nach féidir linn radharc a fháil air. Cuid de theoiricí áirithe cosmeolaíochta ab ea an Frith-Dhomhan i saol na seanársaíochta, ach is é an tuiscint atá ag réalteolaithe an lae inniu ar an bhFrith-Dhomhan ná nach féidir a leithéid a bheith ann, nó dá mbeadh, rachadh imtharraingt an phláinéid seo i bhfeidhm ar na reanna neimhe eile, fiú dá mbeadh sé dofheicthe ón Domhan.
 
Ba iad na fealsúna nádúrtha sean-Ghréagacha Píteágarás agus PhilolaosPhilólaos a mhol go mbeadh a leithéid de phláinéad ann sa tsamhail den ollchruinne a bhí acu. Ceannródaithe ab ea iad toisc nár chuir siad [[an Domhan]] i lár na hollchruinne, ach shíl siad go raibh an Domhan, an Frith-Dhomhan agus [[an Ghrian]] araon ag timpeallú na Tine Láir, mar a thug siad ar an tine a shíl siad a bheith suite i lár na hollchruinne, agus nach raibh i solas na Gréine ach frithchaitheamh na tine seo.
 
Lenár linn féin chasfaí smaoineamh an Fhrith-Dhomhain ort san fhicsean eolaíochta. Is dócha gurb é an scannán úd ón mbliain 1969, ''Doppelgänger'' nó ''The Journey to the Far Side of the Sun'', an saothar is clúití atá bunaithe ar an móitíf seo.