An difríocht idir athruithe ar: "Marcus Mac Conghail"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
Is file, scríbhneoir agus ceoltóir é [[Marcus Mac Conghail]] atá lonnaithe i m[[Baile Átha Cliath]] agus i n[[Gaillimh]]. D’fhoilsigh Coiscéim ''Ceol Baile (Dánta agus Amhráin)'' cnuasach filíochta leis in 2014 agus bronnadh Duais Michael Hartnett air sa bhliain 2015. Is ball den bhanna [[IMLÉ]] a bhí ann, ‘tuar dóchais do thodhchaí an cheoil nua-chumtha i nGaeilge'.
 
[[
Foilsíodh dánta leis in Feasta, Southword Journal, The Stinging Fly, Comhar, agus in ''Poetry Ireland Review''. Léigh sé ag Fíochán Filí i [[Heilbhic]], Cúirt sa Ghaillimh, An Fhéile Bheag Filíochta ar an m[[Buailtín]], Ó Bhéal i g[[Corcaigh]], Fleadh Phádraig i mBéal Feirste, Staccato i mBÁC, The International Literature Festival Dublin, agus ag [[Imram]]. Craoladh a shaothar ar an raidió agus ar an teilifís in Éirinn agus bhí sé le clos ar BBC Radio 4 mar chuid de chlár ar nua-fhilíocht na Gaeilge.