Is é an '''formaildéad''' nó an '''meatánal''' HCHOCH<sub>2</sub>O an ceann is simplí de na h[[Aildéad|aildéid]]. Gás gan dath é le teocht an tseomra, agus boladh láidir sainiúil as. Inniu, is mó mar amhábhar do [[Comhdhúil|chomhdhúile]] orgánacha eile a úsáidtear é, ach sna laethanta a bhí, d'úsáidtí tuaslagán [[uisce]] an fhormaildéid, an '''fhormailin''', le heiseamail a thaisceadh sa [[bitheolaíocht|bhitheolaíocht]], sin nó mar fhrithsheipteán, is é sin, le [[baictéir]] a mharú. Tá an formaildéad sách nimhiúil don duine, áfach, agus is mór an priacal atá ann don tsláinte, go háirithe le taobhshúil ar chomh coitianta atá sé i gcónaí sa tionsclaíocht [[ceimic|cheimiceach]]. Bíonn formaildéad le fáil go nádúrtha ar domhan.
Tá sé de chlaonadh san fhormaildéad polaiméiriú go paraformaildéad, trímhéiriú go 1,3,5-trí-ocsán, agus hiodráitiú go hiodráit formaildéid, nó meatándé-ól <chem>CH2(OH)2</chem>.