An difríocht idir athruithe ar: "Seán III Sobieski"

Content deleted Content added
mNo edit summary
No edit summary
 
Líne 1:
{{WD Bosca Sonraí Duine}}
Bhí '''Seán III Sobieski''' ([[An Pholainnis]]: Jan III Sobieski; [[An Liotuáinis]]: Jonas III Sobieskis; [[Laidin]]: Ioannes III Sobiscius; [[17 Lúnasa]] [[1629]] – [[17 Meitheamh]] [[1696]]), ina Rí ar an b[[An Pholainn|Polainn]] agus Ard-Diúc na [[An Liotuáin|Liotuáine]] ón mbliain 1674 go dtí a bhás.
[[Íomhá:Schultz_John_III_Sobieski.jpg|220px|mion|clé|Jan III Sobieski]]
 
Rugadh Sobieski in uaisleacht na Polainne, agus fuair sé a chuid oideachais san Ollscoil Iagailleonach ([[An Pholainnis|Polainnis]]:''Uniwersytet Jagielloński'') agus thug sé camchuairt ar fud na hEorpa ina óige. Mar shaighdiúir agus ina cheannasaí níos déanaí, throid sé in Éirí Amach Chmielnicki, i gCogadh Rúis-Polannach agus le linn ionradh na Sualainne ar a dtugtar an Díle Shualannach ([[An Pholainnis|Polainnis]]:''potop szwedzki''). Léirigh Sobieski a chumas míleata le linn an chogaidh in aghaidh na hImpireachta Otamánaí agus thuill se cáil dó féin mar dhuine mór le rá sa Pholainn agus sa Liotuáin. Sa bhliain 1674, toghadh é ina mhonarc ar Chomhlathas na Polainne-na Liotuáine tar éis bás tobann gan choinne an Rí Michael I.
{{síol}}
 
Ba thréimhse sheasmhach an Chomhlathais í réimeas 22 bliain Sobieski, a raibh géarghá léi tar éis suaitheadh na gcoinbhleachtaí roimhe seo. Bhí gnaoi na ndaoine air, agus bhí sé ina cheannaire cumasach míleata, ba mhó a raibh cáil air i ndiaidh a bhua in éadan na nOtamánach ag Cath Vín sa bhliain 1683. Thug na hOtamánaigh an leasainm "Leon na Lechistáine" ar Sobieski, agus mhol an Pápa é mar Shlánaitheoir na [[Críostaíocht an Iarthair|Críostaíochta Thiar]]. Ag fulaingt de bharr drochshláinte agus murtaill níos déanaí sa saol, fuair Sobieski bás sa bhliain 1696 agus adhlacadh é ag Ardeaglais Wawel ([[An Pholainnis|Polainnis]]: ''Katedra Wawelska''), i Kraków. Tháinig August II Mocny i gcomharbacht air.
 
{{DEFAULTSORT:Sobieski, Sean III }}