An difríocht idir athruithe ar: "Seanad Éireann"

Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
No edit summary
Líne 3:
[[Íomhá:SeanadEireann-800.jpg|deas|300px|thumb|Seomra an tSeanaid i d[[Teach Laighean]].]]
Is é '''Seanad Éireann''' Teach Uachtarach an [[Oireachtas|Oireachtais]], is é sin, [[Parlaimint]] na [[Éire|hÉireann]]. Tá an dá theach lonnaithe i d[[Teach Laighean]]. Tugtar ''seanadóirí'' ar bhaill an tSeanaid.
 
===Cumhachtaí foirmiúla Sheanad an tSaorstáit agus Sheanad 1937===
 
==Seanad an tSaorstáit (arna leagan amach i mBunreacht 1922)==
Níor mhór an uile bhille a chur á bhreithniú ag an Seanad;
D'fhéadfadh an Seanad rith bille neamhairgid a chur ar fionraí go ceann 270 lá nó 9 mí (méadaíodh an chumhacht mhoilliúcháin sin go dtí 18 mí in 1928);
D’fhéadfadh an Seanad moladh a thabhairt i dtaobh bille airgid (ach ní fhéadfadh sé é a leasú) agus é a chur ar ais laistigh de 21 lá;
Bhí sé de cheart aige billí neamhairgid a thionscnamh agus d’fhéadfadh Seanadóirí Billí Comhaltaí Príobháideacha a thabhairt isteach
 
==Cumhachtaí Sheanad 1937==
Faoi Airteagail 20-24 den Bhunreacht
Ní mór an uile bhille a chur á bhreithniú ag an Seanad;
I gcás bille atá rite ag an Dáil, féadfaidh an Seanad moill a chur ar rith an bhille go ceann 90 lá;
Féadfaidh an Seanad moladh a dhéanamh maidir le bille airgid (ach ní féidir leis é a leasú) agus moill a chur ar rith an bhille sin go ceann 21 lá;
Is féidir billí nach billí airgid iad a thionscnamh i Seanad Éireann ar choinníoll nach mbeartaítear leo an Bunreacht a leasú. Féadfaidh Seanadóirí Billí Comhaltaí Príobháideacha a thabhairt isteach.
 
 
 
 
== Ballraíocht ==
De réir an bhunreachtbhunreachta, is gá go dtarlaíonn an toghchán do Sheanad Éireann laistigh de 90 lá ó thoghchán [[Dáil Éireann|Dála]]. Tá seasca ball sa Seanad:
* Toghtar 43 ag [[Teachta Dála|Teachtaí Dála]], Seanadóirí an tSeanaid roimhe sin agus comhairleoirí áitiúla.
* Toghtar seisear ag lucht céime ollscoile.