An difríocht idir athruithe ar: "CLG Pailís na Gréine"

Content deleted Content added
m Botún litrithe
m Botún litrithe
Líne 37:
Maraon le mórán ceanntracha eile i ndeisceart agus in oirthear an chontae, d’fhás an iomáint go tapaidh sa chuid thuaidh den pharóiste le linn blianta na 1900í agus bhuaigh Pailís na Gréine Craobh Iomána Sóisear Chontae Luimnigh don chéad uair sa bhliain 1915 tar éis dóibh buachaint ar [[CLG Greanach/Baile an Gharrdha|Ghreanach]] sa chluiche cheannais. Níor raibh aon ádh ag an gclub sna blianta ina dhiaidh sin i gomórtaisí an chontae suas go ti deireadh [[An Dara Cogadh Domhanda]] nuair a rugadar Craobh Sóisear na peile leo sna blianta 1948 agus 1956 agus an iomáint arís sa bhliain 1958.
 
I ndiaidh dóibh sárú ar [[CLG Ráth Caola|Naomh Mhuire, Ráth Caola]] chun craobh sóisear an chontae a bhuachaint arís sa bhliain 1968, shroich iománaithe Pailís na Gréine cluiche cheannais [[Craobh Iomána Sinsear Chontae Luimnigh|Craobh Sinsear an Chontae]] na bliana dár gcionn ach bhuaigh [[CLG Tobar Phádraig|Tobar Pádraig]] orthu. Le fiche bliain anuas, tá príomh-fhoireann iomána an chluibchlub ag dul suas agus síos idir na gráid sinsear agus idirmheánach. Tar éis dóibh buachaint ar [[CLG Baile Bricín/An Bóthar Mór|Bhaile Bricín]] i gcluiche ceannais Craobh Idirmheánach an Chontae na bliana 1995, thiteadar ar ais afg deireadh na bliana 2000. D'éiríodar arís dhá bhliain ina dhiaidh sin nuair a bhuadar ar [[CLG An Dromainn/An tÁth Leacach|An Dromainn/An tÁth Leacach]] chun an craobh idirmheánach a ghabháil don dara uair ach níor fhanadar ach dhá bhliain sa phríomh-ghrád agus is club iomána idirmheánach é Pailís na Gréine ó shin i leith.
 
Níor éirigh go maith leis an bpeil i bPailís na Gréine ó bhlianta na 1960í suas go go dtí an bhlian 1994 nuair a bhuadar Croabh Peile Sóisear an Chontae don tríú uair sa bhliain 1994. I ndiaidh bhuachaint ar [[CLG Baile Stiabhana|Bhaile Stiabhana]] chun Craobh Peile Idirmheánach an Chontae a ghabháil sa bhliain 2005, shroicheadar cluiche ceannais Croabh Peile na gClub Idirmheánach na Mumhan ach chailleadar i goinne Raonaithe Caribre as Corcaigh.