An difríocht idir athruithe ar: "An Meán-domhan"
Content deleted Content added
m Botún litrithe |
m Botún litrithe |
||
Líne 116:
=== Tús na Laethanta ===
Nuair a chuaigh na h''Ainur'' síos in ''Eä'' le h''Arda'' a fhoirmiú agus a ullmhú le haghaidh Chlann Ilúvatar—is é sin, na Daoine agus na hEilbh—tháinig Melkor agus a chuid ansin freisin, agus iad ag cur ó mhaith obair na n''Ainur'' eile. Roinntear na h''Ainur'' ina dhá rang: is iad na ''Valar'' an chuid is cumhachtaí acu, agus thairis sin, tá na ''Maiar'' ann. B'é Melkor an t''Ainu'' ba
Go gairid ina dhiaidh sin, thosaigh Blianta na Lampaí. Ar dtús, bhí Arda mín leibhéalta, agus rinne na ''Valar'' dhá lampa móra le solas a chaitheamh air. B'iad na hainmnacha a thug siad ar na Lampaí ná Illuin agus Ormal. I lár Arda, áit a raibh solas an dá Lampa le feiceáil, a bhí cónaí ar na ''Valar'' in Oileán Almaren. Tugtar '''Earrach Arda''' ar an tréimhse seo fosta: bhí na ''Valar'' díreach tar éis an chuma ab fhearr leo a chur ar Arda, agus Melkor fágtha ar imeall na hollchruinne, taobh amuigh de Bhallaí na hOíche (Béarla: ''the Walls of Night''). San am seo, thosaigh na coillte ag fás, agus na chéad ainmhithe ag teacht chun saoil. Ansin, áfach, d'éirigh le Melkor seangú isteach arís, agus chuir sé deireadh le hEarrach Arda, nuair a scrios sé an dá Lampa.
|