An difríocht idir athruithe ar: "CLG Pailís na Gréine"

Content deleted Content added
m Litriú caighdeánaithe
m Litriú caighdeánaithe
Líne 33:
Bunaíodh an club go hoifigiúil sa bhliain 1887 i gceanntar ina raibh cluichí Gaelacha á imirt ar feadh blianta roimh bhunú [[Cumann Lúthchleas Gael]]. Bhí trí fhoireann peile láidir ann le linn blianta na 1890í agus d’aistirgh imreoirí idir Pailís na Gréine, [[CLG An Cnocán (Luimneach)|An Cnocán]] agus [[CLG Úlla|Úlla]] ó bhliain go bliain. San am chéanna, bhí mór-tradisiúin lúthchleasaíochta sa pharóiste chomh maith, go mór mór i gcaitheamh an mheácain, an chasúir agus an teasc, agus é eagraithe mar chuid den chlub. D’éirigh le fear as an bPailís, Pádraig Ó Riain, bonn ór a bhuachaint sa chasúr i g[[Cluichí Oilimpeacha]] na bliana 1920 agus é ar fhoireann [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Mheiriceá]].
 
Bhuaigh Na Trádálaithe ar Phailís na Gréine, a bhí nascaithenasctha leis [[CLG An Cnocán (Luimneach)|An gCnocán]] faoin ainm ''Pailís Aontaithe'' sa bhliain sin, i gcluiche ceannais [[Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh]] sa bhliain 1897 agus bhí roinnt imreoirí ón bparóiste ar fhoireann [[CLG Úlla|Úlla]] a ghabh an chorn sa bhliain 1900. Shroich An Cnocán an cluiche cheannais dhá bhliain ina dhiaidh sin ach chailleadar i gcoinne Na Trádálaithe.
 
Maraon le mórán ceantracha eile i ndeisceart agus in oirthear an chontae, d’fhás an iomáint go tapaidh sa chuid thuaidh den pharóiste le linn blianta na 1900í agus bhuaigh Pailís na Gréine Craobh Iomána Sóisear Chontae Luimnigh don chéad uair sa bhliain 1915 tar éis dóibh buachaint ar [[CLG Greanach/Baile an Gharrdha|Ghreanach]] sa chluiche cheannais. Níor raibh aon ádh ag an gclub sna blianta ina dhiaidh sin i gomórtaisí an chontae suas go ti deireadh [[An Dara Cogadh Domhanda]] nuair a rugadar Craobh Sóisear na peile leo sna blianta 1948 agus 1956 agus an iomáint arís sa bhliain 1958.