An difríocht idir athruithe ar: "CLG Teampall an Ghleanntáin"
Content deleted Content added
m Litriú caighdeánaithe |
m Botún litrithe |
||
Líne 37:
Maraon lena lán paróistí in oirthear agus in iardheisceart an chontae, leathnaigh an iomáint go tapaidh iontu sna blianta díreach roimh an g[[An Chéad Cogadh Domhanda|Céad Cogadh Domhanda]] agus cuir an club an chéad fhoireann le chéile sa bhliain 1913. Bhí an béim céanna ar an dá chód i dTeampall an Ghleanntáin nuair a ath-thosnaíodh craobhacha sóisear an chontae i ndiaidh na d[[Cogadh na Saoirse|Trioblóidí]] agus chailleadar cluiche ceannais Craobh Peile Sóisear an Iarthair i gcoinne Caisleán Uí Mhathúna sa bhliain 1930. Ach d’athraigh an scéal nuair a bhuaigh na hiománaithe ar [[CLG Cill Díoma|Chill Díoma]] chun Chraobh an Iarthair a ghabháil sa bhliain dár gcionn agus tá an lámh in uachtar ag an gcamán sa chlub ón am sin i leith.
B’iad blianta na 1930í an ré ba thorthúla i stair imeartha an chlub. D’éirigh leo
Ba é sin buaichphoínte iomána Teampall an Ghleanntáin. Chailleadh an-chuid imreoirí don imirce le linn blianta na 1940í agus na 1950í agus bhí roinnt blianta ann nuair ná raibh a dhóthain iománaithe fágtha sa phaaróiste chun fhoireann a chur ar an bpáirc. Tháinig feabhas éigin ar an scéal nuair a cheannaíodar a bpáirc imeartha féin sa bhliain 1978 agus bhuadar Craobh Iomána Sóisear B an Iarthair sna blainta 1983, 1990, 1991 agus 1992. Tar éis cluiche ceannais na bliana 1991 a chailliúnt i gcoinne Na Piarsaigh, tháin an chéad chorn chontae chuig an bparóiste nuair a sháraíodar ar [[CLG Gallbhaile (Luimneach)|Ghallbhaile]] i gCraobh Iomána Sóisear B Chontae Luimnigh na bliana dár gcionn.
|