An difríocht idir athruithe ar: "CLG Teampall an Ghleanntáin"

Content deleted Content added
m Botún litrithe
m Botún litrithe
Líne 33:
 
== Stair ==
Ba pharóiste peile é Teampall an Ghleanntáin nuair a eagraíodh cluichi Gaelacha ar dtús agus ghlac imreoirí na háite páirt i gcomórtaisí peile in Iarthar Luimnigh sular bhunaíodh an club go hoifigiúil sa bhliain 1989. Chailleadar cluichí ceannais Craobh Peile Sinsear Iarthar Luimnigh sna blianta 1902, 1905 agus 1906. Tá cúntascuntas ann ó Mhí Samhna na bliana 1905 faoi chomórtas ina raibh an cluib ag fail an lámh in uachtar ar [[CLG An Fheothanach/Caisleán Uí Mhathúna|Chaisleán Uí Mhathúna]] i gcomórtas san Fheothanach sular chríochníodh an cluiche go luath toisc go raibh an oíche tar éis titim.
 
Maraon lena lán paróistí in oirthear agus in iardheisceart an chontae, leathnaigh an iomáint go tapaidh iontu sna blianta díreach roimh an g[[An Chéad Cogadh Domhanda|Céad Cogadh Domhanda]] agus cuir an club an chéad fhoireann le chéile sa bhliain 1913. Bhí an béim céanna ar an dá chód i dTeampall an Ghleanntáin nuair a ath-thosnaíodh craobhacha sóisear an chontae i ndiaidh na d[[Cogadh na Saoirse|Trioblóidí]] agus chailleadar cluiche ceannais Craobh Peile Sóisear an Iarthair i gcoinne Caisleán Uí Mhathúna sa bhliain 1930. Ach d’athraigh an scéal nuair a bhuaigh na hiománaithe ar [[CLG Cill Díoma|Chill Díoma]] chun Chraobh an Iarthair a ghabháil sa bhliain dár gcionn agus tá an lámh in uachtar ag an gcamán sa chlub ón am sin i leith.